Warham St Leger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSir
Warham St Leger
Beathaisnéis
Breith1525 (Féilire Ghréagóra)
Bás1597
71/72 bliana d'aois
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileAn Bhantiarna Ursula Neville Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnthony Saint Leger, Anne St. Leger Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAnthony St Leger  agus Agnes Warham

Saighdiúir, riarthóir agus polaiteoir Sasanach ab ea Sir Warham St Leger (c. 1525 – 1597), a shuigh i dTeach na dTeachtaí in Éirinn sna blianta 1585 -1586.

Is dócha gur rugadh Warham sa bhliain 1525 i Sasana, an dara mac ag Sir Anthony St Leger agus a bhean Agnes Warham. Ceapadh a athair ina Fhear Ionaid na hÉireann sa bhliain 1540 . Ba as Ulcombe, Kent, teaghlach a athar. Ba iníon í a mháthair le Sir Hugh Warham, deartháir le William Warham, ardeaspag Canterbury.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain a athair an deartháir ba shine William as oidhreacht mar gheall ar a stíl mhaireachtála ainrianta; rinneadh Máistir na Rollaí in Éirinn den tríú deartháir, Anthony, sa bhliain 1593 . Ghlac Warham páirt in ionradh an Protector Somerset ar Albain sa bhliain 1547 mar bhí sé ina phríosúnach ann go dtí Eanáir 1550, nuair a fuasclaíodh é. Sa bhliain 1553 throid sé in aghaidh lucht tacaíochta éirí amach Wyatt i Kent, agus b’fhéidir gur chaith sé seal in Éirinn faoina athair le linn réimeas Mháire. Timpeall na bliana 1559 ainmníodh é ina choimisinéir chun lámhscríbhinní agus leabhair John Bale a thabhairt ar ais go Sasana. Sa bhliain 1560 bhí sé ina Ard-Sirriam ar Kent. Níorbh fhada go raibh sé ina bhall de Phrí-Chomhairle na hÉireann, agus i mí Iúil 1565 rinneadh ridire de. Bhí cinneadh déanta ag an mBanríon Eilís rialtas uachtaránachta a bhunú i gCúige Mumhan, agus i mí Eanáir 1566 ainmníodh St Leger mar Uachtarán na Mumhan, ach go háitiúil ag Sir Henry Sidney, Fear Ionaid na hÉireann ; fuair sé treoracha dar dáta 1 Feabhra, agus an mhí dár gcionn cuireadh é i gceannas ar gach léibhinn i gCúige Mumhan. Dhiúltaigh Éilis, áfach, ceapachán St Leger a dheimhniú. An chúis a bhí leis sin ná go raibh nimh san fheoil ag St Leger do Thomás Dubh de Buitléir, 10ú hIarla Urumhan, col ceathrair don Bhanríon ar thaobh na Boleyn dá mhuintir, agus carad dá réir le Gearailt Mac Gearailt, 14ú Iarla Dheasumhan; agus go luath sa bhliain 1565, thug an bhanríon le fios go raibh doicheall ar St Leger roimh an Iarla a ghabháil. Athghaireadh St Leger dá bharr sin, agus i mí na Samhna 1568 rinneadh uachtarán na Mumhan de Sir John Perrot.