Tomás Dubh de Buitléir, 10ú hIarla Urumhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Armas ceathrúnach an Ridire Tomás de Buitléir, 10ú hIarla Urumhan, KG

Tiarna agus mac Shéamuis de Buitléir, 9ú Iarla Urumhan agus an Bhantiarna Siún Nic Ghearailt, iníon agus banoidhre-ginearálta Shéamuis Mhic Gearailt, 10ú Iarla Deasumhan ab ea Tomás Dubh de Buitléir, 10ú Iarla Urumhan, 3ú Iarla Osraí [1] Ba é a bhí ina Tiarna Ard-Chisteoir in Éirinn agus ina phearsantacht an-iomráiteach i ndeireadh an 16ú haois.

Gníomhréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir sé síneadh leis an Teach Mainéir Túdarach i gCaisleán Urumhan ar a chuid eastát i gCarraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann. Chaith sé go leor dá shaol le haighneas fíochmhar lena namhaid oidhreachta, Gearalt Mac Ghearailt, 15ú Iarla Deasumhan, mac Shéamuis Mhic Gearailt, 14ú Iarla Deasumhan. Throid an dá thaobh cath cóirithe sa bhliain 1565, Cath Áth Mheáin. Chuidigh bua an Bhuitléirigh, ní hamháin sa bhlár chatha ach freisin leis an tsaincheist pholaitiúil a láimhseáil, le hÉirí Amach Dheasumhain a spreagadh. Scrois an streachailt seo (1569–1573 agus 1579–1583) an Mhumhain le blianta fada. Protastúnach ab ea Urumhain agus chaith sé a thionchar mór ar thaobh na Banríona Eilís I agus a hairí, ina n-iarrachtaí chun na reibiliúnaithe a bhascadh, cé go raibh sé spreagtha go mór ag dianiomaíocht fhaicseanach leis an ríshliocht Deasumhanach agus le reiligiúin. [1] Bhí sé i gceannas ar Arm Ríoga na hÉireann a raibh sé de chúram air an t-éirí amach a chosc, rud a chuir sé i gcrích sa deireadh.

Eilís I[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Urumhain agus Elizabeth I le chéile i Londain mar leanaí. Bhí taithí choiteann ag Thomas, “mac Iarla Éireannach”, agus Eilís, “iníon neamhdhlisteanach Anraí VIII: níor caith na huaisle óga eile sa chúirt go maith leo. Is col ceathracha iad chomh maith lena máthair, Anne Boleyn ; Ba iníon de shliocht Urumhan in Éirinn i seanmháthair athar Bholeyn, an Bhantiarna Maighréad de Buitleir. Ghlaoigh Eilís a "black husband." air. Sa bhliain 1588, bhronn an Bhanríon ar Urumhain an teideal, a rinne file cur síos air mar "áirdchéim Tidireacht Gáirtéir, ainm nár ghnáth é ar Éirionnach."

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]