Siobhán Nic Gearailt, Cuntaois Urumhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSiobhán Nic Gearailt, Cuntaois Urumhan
Beathaisnéis
Breith1509
Cionn tSáile Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Eanáir 1565
55/56 bliana d'aois
Tréimhse amaGlúin an 16ú aois
Eile
Teideal uasalCuntaois Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachRishliocht Mhic Gearailt Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJames Butler, 9ú hIarla Urumhan
Francis Bryan
Gearailt Mac Gearailt, 14ú Iarla Dheasumhan (1551 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJohn Butler
 ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan)
Tomás de Buitléir, 10ú Iarla Urumhan
 ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan)
Edward Butler
 ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan)
Edmund Butler
 ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan)
James Butler Duiske
 ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan)
Walter Butler
 ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan)
Piers Butler
 ( James Butler, 9ú hIarla Urumhan) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJames FitzGerald, 10th Earl of Desmond (en) Aistrigh  agus Amy Mac-I-Brien-Ara (en) Aistrigh

Banuasal Éireannach ba ea Siobhán Nic Gearailt, Cuntaois Urumhan (c.1509 / 1514 – 2 Eanáir 1565).

Phós sí trí huaire. Ba é Séamas de Buitléir, 9ú hIarla Urumhan, an chéad fear aici, agus é molta roimhe sin mar fhear céile do Anne Boleyn in 1522 chun aighneas faoi theideal agus thailte Iarlaíocht Urumhan a réiteach.[1] Ba é an cúirtéir Sir Francis Bryan an dara fear céile aici. Tar éis di Gearóid Mac Gearailt, 15ú hIarla Dheasumhan, a phósadh, rinneadh réiteach sealadach idir na Gearaltaigh agus na Buitléaraigh, nó gur thit a fear céile amach leis an mac ba shine aici, Tomás Dubh de Buitléir, 10ú hIarla Urumhan.

Scríobhadh sí féin agus Eilís I Shasana go cairdiúil chun a chéile agus muinín aici siúd i Siobhán mar dhuine a d’fhéadfadh cabhrú leis an tsíocháin a choinneáil in Éirinn.[2]

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn Sáile

Rugadh Siobhán i gCaisleán Iarla Dheasumhan i gCionn Sáile i gContae Chorcaí timpeall 1509[3] nó 1514[2] d’Aimilíona Ní Bhriain agus do Shéamas Mac Gearailt, 10ú hIarla Dheasumhan. Phós an deirfiúr ab óige aici, Onóra (d’éag 1577), Piaras de Buitléir.

Pósadh agus clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós sí Séamas Bacach de Buitléir am éigin roimh an 21 Nollaig 1532, agus rinneadh an 9ú hIarla Urumhan de ar an 26 Lúnasa 1539. Bhí seachtar mac acu.

  • Seán de Buitléir Chill Chaise (d’éag 10 Bealtaine 1570); phós sé Caitríona Nic Cárthaigh agus rugadh mac dóibh, Uáitéar de Buitléir, 11ú hIarla Urumhan.
  • Éamonn de Buitléir; phós Máire a Búrc agus rugadh clann dóibh.
  • Uáitéar de Buitléir; phós sé agus bhí iníon aige.
  • Piaras de Buitléir

Ar an 17ú Deireadh Fómhair chuaigh Séamas ar dinnéar ag Teach Ely in Holborn i Londain. Tugadh nimh dó féin, dá mhaor agus do shé dhuine dhéag dá shearbhóntaí.[3] Fuair sé bás ar an 28 Deireadh Fómhair, rud a d’fhág Siobhán ina baintreach agus í sna tríochaidí fós. Mar bhaintreach bhí saoirse aici de réir dlí agus shealbhaigh sí a spré arís. Chuaigh sí i gcomhairle le cairde sa chúirt chun oidhreacht a clainne a chosaint.[2]

Bhí fonn uirthi a gaol Gearóid Mac Gearailt, a phósadh, fear a bhí i bhfad níos óige ná í agus a bhí ina chomharba ar Iarlaíocht Dheasumhan; ach chuathas go bog is go crua uirthi an cúirtéir agus taidhleoir Sir Francis Bryant a phósadh i Lúnasa 1548. Ceapadh é mar Thiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann agus bhain an lánúin Éire amach i Mí Shamhna 1548. Bhí an leasainm “Vicar of Hell” ar Bryan agus droch-chlú air mar raigearnálaí sa chúirt. Dúirt Siobhán: "While I was a widow and not married [to] an Englishman, I defended and kept my own, or at the least, no man went about to defeat me of my right. Well is the woman unmarried; I am bade to hold my peace, and my husband shall have answer made unto him."[4]

Deirtear go raibh Siobhán amuigh ag sealgaireacht le Gearóid fad is a bhí Bryan ag saothrú an bháis i gCluain Meala.[3] Cailleadh é ar an 2 Feabhra 1550 agus phós sí Gearóid in 1551, rud a tharraing síocháin ar feadh tamaill idir na Buitléaraigh agus na Gearaltaigh. Rinneadh an 15ú hIarla Dheasumhan de Ghearóid in 1558 agus rinneadh Cuntaois Dheasumhan de Shiobhán dá bharr.[2]

Deirtear gur éirigh Gearóid tuirseach de bheith faoi bhois an chait ag Siobhán,[3] agus bhris sé an sos cogaidh leis an mac ba shine aici, Tomás Dubh, arbh é Iarla Urumhan anois é. Nuair a thosaigh an dá dhream ag creachadh a chéile chaith Siobhán beagnach dhá sheachtain ag gabháil siar is aniar ar muin capaill ag iarraidh athmhuintearas a dhéanamh eatarthu, agus d’éirigh léi suaimhneas éigin a shocrú.[3] In 1562 cuireadh a fear céile isteach i dTúr Londan de thoradh an “tsotail” a léirigh sé i láthair na Rí-Chomairle. Bhí Siobhán ar a dícheall ag áitiú ar an mBanríon Eilís Gearóid a scaoileadh saor. D’éirigh léi in 1564; fuair sí bás ar an 2 Eanáir 1565. Cuireadh i bPrióireacht Eas Géitine i Luimneach í.

Tar éis a báis chuaigh na Buitléaraigh agus na Gearaltaigh i ngleic le chéile arís agus rug Tomás Dubh an bua i ndiaidh Chath Áth Mheáin in 1565.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Fraser, Antonia, The Wives of Henry VIII, Penguin 1992, lgh 121–124
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Karen Ann Holland, Joan Desmond, Ormond and Ossory: The World of a Countess in Sixteenth-Century Ireland, Providence College, 1 Eanáir 1996: https://digitalcommons.providence.edu/dissertations/AAI9839486/
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 ”A Who’s Who of Tudor Women,” é curtha le chéile ag Kathy Lynn Emerson chun Wives and Daughters: The Women of Sixteenth-Century England a athcheartú.
  4. Kirwan, John. "Lady Joan FitzGerald, Countess of Ormond, Ossory, and Desmond", Journal of the Butler Society, 4, 92000), 297.