Walther Bauersfeld
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1879 Beirlín, An Ghearmáin |
Bás | 1959 79/80 bliana d'aois Heidenheim an der Brenz, An Ghearmáin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fisiceoir, innealtóir |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gradam a fuarthas
|
Ba innealtóir Gearmánach é Walther Bauersfeld (23 Eanáir 1879 - 28 Deireadh Fómhair 1959).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé fostaithe ag an Carl Zeiss Jena, a thosaigh, ar mholadh ón réalteolaí Gearmánach Max Wolf, ag obair ar an gcéad phláinéadlann teilgin sa bhliain 1912. Chuir riachtanais mhíleata stop leis an obair seo le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ach thosaigh sí arís tar éis an chogaidh. Chríochnaigh Bauersfeld an chéad phláinéadlann, ar a dtugtar Múnla Zeiss I sa bhliain 1923, agus cuireadh ar dtús é ar dhíon foirgnimh Zeiss i mbaile ceanncheathrú corparáideach Jena .Theilg an Múnla seo 4,900 réaltaí, agus bhí sé teoranta don spéir amháin ó domhanleithead Jena. Ina dhiaidh sin, d'fhorbair Bauersfeld an Múnla 2 le 8,956 réaltaí, agus cumas iomlán domhanleithead. Suiteáladh níos mó ná dosaen sular chuir an Dara Cogadh Domhanda obair na pláinéadlainne ar fionraí. Tógadh na pláinéadlanna idirchogadh seo i mBeirlín agus Düsseldorf sa Ghearmáin, chomh maith leis an Róimh, Páras, Chicago, Los Angeles agus Nua-Eabhrac. Meastar freisin gurb í an phláinéadlann Zeiss I i Jena an chéad chruinneachán geodasach a tháinig as icisihéadrán, 26 bliain sular athchruthaigh agus a chur chun cinn arís an dearadh .
Bronnadh Bonn Elliott Cresson de chuid an Franklin Institute ar Bhauersfeld sa bhliain 1933 agus an Fáinne Werner von Siemens sa bhliain 1941.