Pláinéadlann
Appearance
Is é is pláinéadlann ann ná foirgneamh ar dhearadh ar leith ina dtáirgeann teilgeoir (nó teilgeoirí) íomhá na réaltaí is na bpláinéad i spéir na hoíche. Is féidir gluaisní pláinéadacha is an-chuid feiniméan réalteolaíoch a léiriú mar cheachtanna scoile nó siamsa. Sampla is ea an phláinéadlann in Ard Mhacha.[1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]WPD (Worldwide Planetariums Database)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pláinéadlann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 522.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |