Viktor Orbán
Is Príomh-Aire na hUngáire é Viktor Mihály Orbán. Rugadh é ar 31 Bealtaine 1963. Tá sé go mór ar an eite dheas.
Eachtraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2015, tógadh balla ar an teorainn theas idir an Ungáir agus an tSeirbia chun inimircigh nó teifigh a choimeád amach. Tá an balla seo ceithre mhéadar ar airde agus 170 km ar fad.[1] D´fhógair Promh-aire na hUngáire Viktor Orbán tógáil an bhalla i Mí an Mheithimh 2015.
Ar an 15 Meán Fómhair 2015, bhí "staid éigeandála" fógraithe ag Orbán. Mhaígh sé go raibh os cionn "200,000 imirceach" tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana, rud nach raibh fíor go baileach (níor fhan siad sa tír, thrasnaigh siad an Ungáir).[2][3]
De réir mar atá an tAontas méadaithe tá an riachtanas go mbeadh ballstáit ar aon fhocal ag éirí níos deacra le cur i bhfeidhm. Mar shampla chinn Orbán in 2023 cosc a chur le hairgead breise don Úcráin, agus na ballstáit eile ag cur go gníomhach ina choinne.[4]
I mí Nollag 2023, bhí sé ina imní ag an am go mbainfeadh Orbán leas as veto chun bac a chur ar chainteanna ballraíochta leis an Úcráin. Mhaígh sé nach ngéillfeadh sé do bhrú ó stáit eile san AE ach sa deireadh níor bhain sé leas as a veto.[5] Bhí Orbán i gcónaí i gcoinne na hÚcráine a bheith ina ball den Aontas. Ach shiúil sé amach as an seomra le linn do na ceannairí eile a bheith ag caitheamh vóta ar an gceist, rud a d’fhág gur glacadh leis an rún.[6] (Níos déanaí, vótáil Orbán i gcoinne pacáiste fóirithinte – gur fiú €50bn é - a thabhairt don Úcráin).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Patrick Kingsley, Patrick Kingsley on the Serbo-Hungarian border (2015-06-22). "Migrants on Hungary's border fence: 'This wall, we will not accept it'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-15). "Staid éigeandála fógartha ag an Ungáir" (as ga).
- ↑ bamf.de (2024-09-15). "BAMF - Bundesamt für Migration und Flüchtlinge - EMN Germany Paper - The changing influx of asylum seekers in 2014-2016: Germany's response". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-15. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (18 Eanáir 2024). "Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ‘fadhb’ an daonlathas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ "An tAontas Eorpach le tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-14). Dáta rochtana: 2023-12-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-12-15). "Bac curtha ag an Ungáir ar thuilleadh maoinithe don Úcráin" (as ga).