Robert Fico
Dlíodóir agus iar-phríomhaire na Slóvaice (2006-2010 agus 2012-2018) is ea Robert Fico (a rugadh ar 15 Meitheamh 1964).[1] Tá sé go mór i bhfách leis an eite dheas, duine coimeádach a bhfuil an-luí aige leis an Rúis..[2] Mar gheall ar a phobalachas agus a pholasaí ar son na Rúise, déantar comparáid idir Fico agus Viktor Orbán na hUngáire. Tá Orbán molta go hard ag Fico as tús áite a thabhairt don Ungáir.[3]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chaith Fico dhá théarma go leith mar phríomh-aire na tíre ach bhí air éirí as in 2018 nuair a tharraing dúnmharú iriseora aird ar an gcaimiléireacht a bhí forleathan sa tír agus é san oifig. Ag an am sin, shíl gach duine go raibh a phort seinnte mar pholaiteoir.[4]
Sa bhliain 2023, bhí sé tugtha le fios ag Fico go n-éireodh sé as airm a dhíol leis an Úcráin dá cheapadh é mar phríomhaire.[5][6] Fuair Smer-SSD os cionn 23% den vóta sa toghchán parlaiminte ar 30 Meán Fómhair 2023. Bhí cáineadh déanta ag Fico ar na smachtbhannaí atá curtha ar an Rúis, agus cáineadh déanta ar Fico chomh maith as cur in aghaidh cearta LGBTQ+.[3]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Radvan Markus (5 Iúil 2023). "Bliain chinniúnach roimh an tSlóvaic agus an Eoraip dá réir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-05.
- ↑ NUACHT A HAON / RnaG (4 DEIREADH FÓMHAIR 2023). "Radvan Markus, Léachtóir in Ollscoil Phrág." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-05.
- ↑ 3.0 3.1 "Toghchán na Slóvaice buaite ag pobalóir atá ar son na Rúise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-02). Dáta rochtana: 2023-10-05.
- ↑ Radvan Markus (5 Deireadh Fómhair 2023). "An chúis go bhfuil aird na meán idirnáisiúnta ar thoghchán i dtír bheag ar imeall an AE…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-02). "Tánaiste rannpháirteach i gcruinniú urghnách i gCív" (as ga-IE).
- ↑ NUACHT A HAON / RnaG (2 DEIREADH FÓMHAIR 2023). "Frank Reidy, Saineolaí ar chúrsaí taidhleoireachta agus míleata." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-05.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |