Andrzej Duda
Andrzej Duda | |
![]() | |
Uachtarán na Polainne
| |
In oifig 6 Lúnasa 2005 – an lá atá inniu ann | |
Réamhtheachtaí: | Bronisław Komorowski |
Ball de Pharlaimint na hEorpa
| |
In oifig 1 Iúil 2000 – 25 Bealtaine 2015 | |
Feisire Parlaiminte (Sejm)
| |
In oifig 8 Samhain 2011 – i Iúil 2014 | |
Dáta breithe | 16 Bealtaine 1972 |
Áit bhreithe | Kraków, an Pholainn |
Páirtí | Neamhspleách (2015–an lá atá inniu ann) |
Gairm | Dlíodóir |
Céile | Maria Mackiewicz |
Luathshaol agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Duda an 16 Bealtaine 1972 i Kraków, chuig Janina Milewska agus Jan Tadeusz Duda, Ollúna in Akademia Górniczo-Hutnicza im. Stanisława Staszica (Gaeilge: Ollscoil Eolaíochta agus Teicneolaíochta AGH). Throid a sheanathair sa chogadh a fearadh idir na Polainne agus an tAontas Cóivéadach, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina bhall den Armia Krajowa, AK (Gaeilge: Arm Baile) le linn an Dara Cogadh Domhanda. Idir 1987 agus 1991 d’fhreastail Duda ar an II Liceum Ogólnokształcące im. Króla Jana III Sobieskiego w Krakowie (Gaeilge: Meánscoil Jan III Sobieski, Kraków) áit gur éirigh thar cionn leis sé sna Daonnachtaí. Rinne sé staidéar ar an dlí ina dhiaidh sin san Uniwersytet Jagielloński (Gaeilge: Ollscoil Jagielloniach). I mí Dheireadh Fómhair 2001, agus céim Mháistir Dlí aige, ceapadh é mar chúntóir taighde sa Roinn Dlí Riaracháin i nDámh an Dlí agus Riaracháin san Ollscoil. I mí Eanáir 2005, ghnóthaigh Duda céim Dochtúireachta Dlí (LL.D.) san Ollscoil. Mar gheall ar a shlí bheatha pholaitiúil, bhí sé ar shaoire gan phá den ollscoil den chuid is mó. Ó Mheán Fómhair 2006, seachas eatramh 13 mhí ag tosú i Meán Fómhair 2010, nuair a d’fhill sé ar an ollscoil. Ina theannta sin d’oibrigh Duda mar léachtóir i gColáiste Oideachais agus Riaracháin Mieszko I, Poznań.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is dlíodóir agus polaiteoir Polannach é Andrzej Sebastian Duda atá ina uachtarán ar an bPolainn ón 6 Lúnasa 2015. Sular tháinig sé chun bheith ina uachtarán, bhí sé ina bhall de Theach Íochtarach na Polainne (Sejm) ó 2011 go 2014 agus i bParlaimint na hEorpa ó 2014 go 2015. Ba é Andrzej Duda iarrthóir uachtaránachta an pháirtí Prawo i Sprawiedliwość (PiS) (Gaeilge: Dlí agus Cirt), le linn toghchán uachtaránachta 2015 i mBealtaine 2015. Sa chéad bhabhta vótála, fuair Andrzej Duda 5,179,092 vóta - 34.76% de na vótaí bailí. Sa dara babhta vótála, fuair Andrzej Duda 51.55% den vóta, ag bualadh an uachtaráin an bhí ann Bronisław Komorowski, a fuair 48.45% den vóta. An 26 Bealtaine 2015, d’éirigh Andrzej Duda as a bhallraíocht pháirtí mar uachtarán tofa. An 24 Deireadh Fómhair 2019 fuair sé an tacaíocht oifigiúil ó PiS roimh a fheachtas atoghcháin in 2020. Atoghadh é i dtoghchán uachtaránachta 2020 le farasbarr beag.
- Iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta na Polainne 2015
- Iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta na Polainne 2020
- Alumni Ollscoil Jagiellonian
- Baill den Pháirtí Dlí agus Cirt
- Daoine beo
- Feisirí Eorpacha na Polainne 2009–2014
- FPEanna don Pholainn 2014–2019
- Daoine as Kraków
- Dlíodóirí Polannacha
- Caitlicigh Rómhánacha na Polainne
- Uachtaráin na Polainne
- Baill den Sejm 2011–2015
- Polaiteoirí na Polainne
- Daoine a rugadh i 1972