Vigdís Finnbogadóttir
Cuma
Bhí Vigdís Finnbogadóttir, a rugadh ar an 15 Aibreán sa bhliain 1930, ar an gceathrú hUachtarán ar Phoblacht na hÍoslainne. Chaith sí na blianta ó 1980 go 1996 ina hUachtarán, agus í ar an chéad uachtarán mná a vótáladh isteach riamh.
Rinne Vigdís staidéar ar litríocht agus ar dhrámaíocht in Ollscoil Grenoble, i Sorbonne agus in Ollscoil na hÍoslainne i Réicivíc. Bhain sí amach céim san Oideachas, agus fuair sí post ag Leikfélag Reykjavíkur, ar comhlacht drámaíochta i Réicivíc é.
Ghnóthaigh Vigdís toghchán stairiúil sa bhliain 1980, nó bhí sí ar an chéad Uachtarán mná a toghadh i dtoghchán daonlathach. Vótáladh isteach arís í sna blianta 1984, 1988 agus 1992.
Tá Vigdís ina hambasadóir do UNESCO anois.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Vigdís Finnbogadóttir.
Is síol a bhaineann leis an Íoslainn é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |