Vigdís Finnbogadóttir
Jump to navigation
Jump to search
Vigdís Finnbogadóttir | ||
| ||
Uachtarán na hÍoslainne
| ||
Príomh-aire: | Gröndal, Thoroddsen, Hermannsson, Pálsson, Oddsson | |
I bhfeidhmeannas: | 1980 – 1996 | |
Réamhtheachtaí: | Kristján Eldjárn | |
Comharba: | Ólafur Ragnar Grímsson | |
Dáta breithe: | 15 Aibreán, 1930 | |
Áit bhreithe: | Réicivíc, An Íoslainn | |
Céile: | Neamhphósta | |
Páirtí polaitíochta: |
Bhí Vigdís Finnbogadóttir, a rugadh ar an 15 Aibreán sa bhliain 1930, ar an gceathrú hUachtarán ar Phoblacht na hÍoslainne. Chaith sí na blianta ó 1980 go 1996 ina hUachtarán, agus í ar an chéad uachtarán mná a vótáladh isteach riamh.
Rinne Vigdís staidéar ar litríocht agus ar dhrámaíocht in Ollscoil Grenoble, i Sorbonne agus in Ollscoil na hÍoslainne i Réicivíc. Bhain sí amach céim san Oideachas, agus fuair sí post ag Leikfélag Reykjavíkur, ar comhlacht drámaíochta i Réicivíc é.
Ghnóthaigh Vigdís toghchán stairiúil sa bhliain 1980, nó bhí sí ar an chéad Uachtarán mná a toghadh i dtoghchán daonlathach. Vótáladh isteach arís í sna blianta 1984, 1988 agus 1992.
Tá Vigdís ina hambasadóir do UNESCO anois.
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Category:Vigdís Finnbogadóttir |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |