Vicipéideoir cónaithe
Cineál fostaíochta | Viciméideoir agus media professional (en) |
---|---|
Réimse oibre | Wikimedia movement (en) |
Is éard is Vicipéideoir cónaithe nó Vicimeánoir cónaithe ná eagarthóir na Vicipéide (nó Vicimeánoir), a ghlacann socrúchán le hinstitiúid, de ghnáth dánlann (gailearaí ealaíne), leabharlann, cartlann, nó músaem (DLCM), cumann léinn, nó institiúid ardoideachais (mar ollscoil) chun altanna a fhoilsiú ar an Vicipéid a bhaineann le misean na hinstitiúide sin a éascú agus a spreagadh agus cuidiú léi ábhar a scaoileadh faoi cheadúnais oscailte, agus an caidreamh idir an óst-institiúid agus pobal na Viciméide a fhorbairt. De ghnáth cuidíonn Vicipéideoir cónaithe le himeachtaí for-rochtana nó seirbhísí teagmhála na Vicipéide idir an DLCM agus an pobal i gcoitinne mar eagartóin .
I measc na n-institiúidí a d’óstáil Vicipéideoir tá institiúidí móra cosúil le Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, Músaem na Breataine,[1] an Institiúid Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, Leabharlann na Breataine, Institiúid Smithsonian,[2] an Royal Society of Chemistry [3] UC Berkeley,[4] Ollscoil Columbia,[5] Ollscoil Toronto, Leabharlann Náisiúnta na hIorua, agus Cartlann Chónaidhme na hEilvéise agus ionaid níos lú mar Mhúsaem agus Gailearaí Ealaíne Derby agus The New Art Gaillery Walsall [6] sa Ríocht Aontaithe; Pálás Versailles sa Fhrainc; an Museu Picasso sa Spáinn; agus Músaem Leanaí Indianapolis,[7] Gerald R. Ford Presidential Library,[8] agus an National Archives and Records Administration sna Stáit Aontaithe.
Suim a fhorbairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2010, ba é Liam Wyatt na hAstráile an chéad Vicipéideoir cónaithe, nuair a chuaigh sé ag obair go deonach i Músaem na Breataine ar feadh tréimhse cúig seachtaine.[9][10] Thug sé faoi deara an gá atá leis a Vicipéid comhpháirtíochtaí le músaeim a neartú chun an fhaisnéis is nuashonraithe agus is cruinne a chruthú,[11] ag rá ""we are doing the same thing for the same reason, for the same people, in the same medium. Let's do it together.". " Bhí baint ag an Children's Museum of Indianapolis leis an gclár tar éis don Vicipéideoir Lori Phillips obair dheonach a dhéanamh d’imeacht DCLM in 2010, mar an dara Vicipéideoir cónaithe. Chaith an tríú duine, Benoît Evellin, sé mhí i bPálás Versailles i Versailles, an Fhrainc.[12] Ghlac an Museu Picasso in Barcelona, an Spáinn [13] agus Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby i Derby, Sasana go luath leis an smaoineamh.[14]
Sa bhliain 2010, léirigh Institiúid Smithsonian spéis sa smaoineamh, rud a d’fhág gur fostaíodh Sarah Stierch i mí Iúil mar Vicipéideoir cónaithe.[15][16][17] An bhliain ina dhiaidh sin, chinn an National Archives and Records Administration an rud céanna a dhéanamh agus d’fhostaigh Dominic McDevitt-Parks, mac léinn ó Choláiste Simmons, a bhí ag déanamh céim máistir i stair agus i mbainistíocht cartlainne, chun obair ag a suíomh Archives II i College Park, Maryland.. Bhí McDevitt-Parks ag déanamh eagarthóireachta ar an Vicipéid ó 2004 agus d’fhostaigh David Ferriero é don phost seo.[18]
I mí Iúil 2011 d’fhostaigh Wikimedia UK Andy Mabbett, eagarthóir ó 2003, mar “ambasadóir for-rochtana” cónaithe ag an gcarthanas fiadhúlra Wildscreen atá lonnaithe i mBriostó, ag obair ar ARKive project.. Ó shin i leith tá Mabbett ina Vicipéideoir cónaithe ag eagraíochtaí eile mar an New Art Gallery Walsall [19] agus an Royal Society of Chemistry.[20]
I mí Eanáir 2013, ba í Gerald R. Ford Presidential Library an chéad leabharlann uachtaránachta chun Vicipéideoir a fhostú, nuair a d’fhostaigh siad Michael Barera, mac léinn máistir in Ollscoil Michigan.[21]
I mí Mheán Fómhair 2013, ba í an National Archives and Records Administration an chéad eagraíocht chun Vicipéideoir buan lánaimseartha a fhostú nuair a d’fhostaigh an riarachán sin Dominic McDevitt-Parks chun dul isteach ina Oifig Nuálaíochta sa cháil sin.[18]
I mí an Mhárta 2014, chuir Ollscoil Harvard liostáil poist ar fáil ag lorg iarratasóirí le bheith ina Vicipéideoir cónaithe i Leabharlann Houghton.[22]
I mí Dheireadh Fómhair 2014, d’fhógair Leabharlanna Ollscoil Victoria gur ainmníodh Christian Vandendorpe mar Vicipéideoir cónaithe oinigh don bhliain acadúil 2014/2015 i gcomhar leis an Electronic Textual Cultures Lab (ETCL) agus an Federation for the Humanities and Social Sciences.[23] Ghlac an Dr. Constance Crompton an ról ó 2014-2016, agus an Dr. Erin Glass ina dhiaidh sin ó 2019-2020 agus Silvia Gutiérrez De la Torre ó 2020-2021.[24]
Faoi 2016, bhí níos mó ná 100 Vicipéideoir tar éis páirt a ghlacadh sa ról,[22] agus bhí an chuid is mó díobh íoctha ag na hinstitiúid ina raibh siad ag obair ann nó ag eagraíocht a bhaineann le Vicimeán, agus daoine eile mar oibrithe deonacha.
Sa bhliain 2018 ceapadh Mike Wikison mar “Vicipéideoir i gcoitinne ” sa Nua-Shéalainn, a chuimsigh roinnt cónaitheachtaí ag institiúidí éagsúla ar fud na tíre, lena n-áirítear Auckland Museum.[25][26]
Ról agus dualgais
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
WiR ag reáchtáil cúrsa oiliúna do leabharlannaithe i Stócólm
-
WiRanna atá ina leabharlannaithe sa Túinis
-
Scileanna digitithe ag múineadh WiR ag an Archivo Histórico de la Provincia de Buenos Aires .
Cúiteamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé nach spreagann an Vicipéid cúiteamh díreach a íoc as eagarthóireacht na n-alt agus go gcuireann sí cosc ar abhcóideacht neamhnochta, ceadaítear do na Vicipéideoirí cónaithe cúiteamh a fháil as obair ar-wiki [27] - trí chreidmheas, stipinn nó tuarastal a thairiscint - trína n-institiúidí urraíochta ar ar choinníoll go gcloíonn siad le treoirlínte dochta i gcoinne caidreamh poiblí nó margaíocht a dhéanamh dá n-institiúid.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Liosta de na Wikimedians Cónaithe
- Liosta de dhaoine Wikipedia
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://www.nytimes.com,The New York Times
- ↑ http://www.boston.com/business/technology/articles/2010/07/12/success_may_be_wikipedias_biggest_challenge/,The Boston Globe
- ↑ http://www.rsc.org.
- ↑ https://news.berkeley.edu
- ↑ https://gsas.columbia.edu
- ↑ http://www.museumsassociation.org
- ↑ http://www.insideindianabusiness.com
- ↑ http://www.mlive.com
- ↑ https://www.nytimes.com/The New York Times
- ↑ https://www.nytimes.com/The New York Times
- ↑ http://www.insideindianabusiness.com/Inside INdiana Business
- ↑ GLAM Château de Versailles project page, Wikipedia.
- ↑ GLAM Museu Picasso project page, Wikipedia.
- ↑ GLAM Derby project page, Wikipedia.
- ↑ http://www.boston.com/The Boston Globe
- ↑ =http://philanthropy.com/The Chronicle of Philanthropy
- ↑ http://blogs.smithsonianmag.com/ Curtha i gcartlann 2014-01-31 ar an Wayback MachineSmithsonian Magazine
- ↑ 18.0 18.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-16. Dáta rochtana: 2020-12-31.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". MLive.
- ↑ 22.0 22.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Outreach Wiki.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-17. Dáta rochtana: 2020-12-31.
- ↑ "Cóip cartlainne". ETCL. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-30. Dáta rochtana: 2020-12-31.
- ↑ "Cóip cartlainne" (en). North & South. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-20. Dáta rochtana: 2020-12-31.
- ↑ GLAM New Zealand Wikipedian at large project page, Wikipedia.
- ↑ Wikipedia:Conflict of interest#Wikipedians in residence, Wikipedia.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Faisnéis chónaithe Wikipedian ón tionscadal GLAM
- Proffitt, Merrilee (2018). Wikipedia a ghiaráil. Pobail eolais a nascadh. Cumann Leabharlainne Mheiriceá. ISBN Proffitt, Merrilee (2018). Proffitt, Merrilee (2018).
- Músaem na Breataine agus mise