Vicipéideoir cónaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An caidreamh idir Vicipéideoir cónaithe agus an pobal . Léiríonn an léaráid na páirtithe leasmhara agus an méid a sholáthraíonn agus a fhaigheann gach geallsealbhóir i ngnáththionscadal cónaitheach an Vicipéideora.

Is éard is Vicipéideoir cónaitheVicimeánoir cónaithe ná eagarthóir na Vicipéide (nó Vicimeánoir), a ghlacann socrúchán le hinstitiúid, de ghnáth dánlann ( gailearaí ealaíne), leabharlann, cartlann, nó músaem (DLCM), cumann léinn, nó institiúid ardoideachais (mar ollscoil ) chun altanna a fhoilsiú ar an Vicipéid a bhaineann le misean na hinstitiúide sin a éascú agus a spreagadh agus cuidiú léi ábhar a scaoileadh faoi cheadúnais oscailte, agus an caidreamh idir an óst-institiúid agus pobal na Viciméide a fhorbairt . De ghnáth cuidíonn Vicipéideoir cónaithe le himeachtaí for-rochtana nó seirbhísí teagmhála na Vicipéide idir an DLCM agus an pobal i gcoitinne mar eagartóin .

I measc na n-institiúidí a d’óstáil Vicipéideoir tá institiúidí móra cosúil le Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, Músaem na Breataine, [1] an Institiúid Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, Leabharlann na Breataine, Institiúid Smithsonian, [2] an Royal Society of Chemistry [3] UC Berkeley, [4] Ollscoil Columbia, [5] Ollscoil Toronto, Leabharlann Náisiúnta na hIorua, agus Cartlann Chónaidhme na hEilvéise agus ionaid níos lú mar Mhúsaem agus Gailearaí Ealaíne Derby agus The New Art Gaillery Walsall [6] sa Ríocht Aontaithe; Pálás Versailles sa Fhrainc; an Museu Picasso sa Spáinn; agus Músaem Leanaí Indianapolis, [7] Gerald R. Ford Presidential Library, [8] agus an National Archives and Records Administration sna Stáit Aontaithe.

Suim a fhorbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

The image above is interactive when clicked
Léarscáil idirghníomhach de na Vicimeánoirí cónaithe go léir atá liostaithe i Wikidata, curtha in eagar de réir bliana. ( ceist léarscáile )
The image above is interactive when clicked
Amlíne idirghníomhach de na Vicimeánoirí cónaithe go léir atá liostaithe i Wikidata, curtha in eagar de réir faid. ( uirlis amlíne )

Sa bhliain 2010, ba é Liam Wyatt na hAstráile an chéad Vicipéideoir  cónaithe, nuair a chuaigh sé ag obair go deonach i Músaem na Breataine ar feadh tréimhse cúig seachtaine. [9] [10] Thug sé faoi deara an gá atá leis a Vicipéid comhpháirtíochtaí le músaeim a neartú chun an fhaisnéis is nuashonraithe agus is cruinne a chruthú, [11] ag rá ""we are doing the same thing for the same reason, for the same people, in the same medium. Let's do it together.". " Bhí baint ag an Children's Museum of Indianapolis leis an gclár tar éis don Vicipéideoir Lori Phillips obair dheonach a dhéanamh d’imeacht DCLM in 2010, mar an dara Vicipéideoir cónaithe. Chaith an tríú duine, Benoît Evellin, sé mhí i bPálás Versailles i Versailles, an Fhrainc . [12] Ghlac an Museu Picasso in Barcelona, an Spáinn [13] agus Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby i Derby, Sasana go luath leis an smaoineamh. [14]

Sa bhliain 2010, léirigh Institiúid Smithsonian spéis sa smaoineamh, rud a d’fhág gur fostaíodh Sarah Stierch i mí Iúil mar Vicipéideoir  cónaithe. [15] [16] [17] An bhliain ina dhiaidh sin, chinn an National Archives and Records Administration an rud céanna a dhéanamh agus d’fhostaigh Dominic McDevitt-Parks, mac léinn ó Choláiste Simmons, a bhí ag déanamh céim máistir i stair agus i mbainistíocht cartlainne, chun obair ag a suíomh Archives II i College Park, Maryland.. Bhí McDevitt-Parks ag déanamh eagarthóireachta ar an Vicipéid ó 2004 agus d’fhostaigh David Ferriero é don phost seo. [18]

I mí Iúil 2011 d’fhostaigh Wikimedia UK Andy Mabbett, eagarthóir ó 2003, mar “ambasadóir for-rochtana” cónaithe ag an gcarthanas fiadhúlra Wildscreen atá lonnaithe i mBriostó, ag obair ar ARKive project. . Ó shin i leith tá Mabbett ina Vicipéideoir cónaithe ag eagraíochtaí eile mar an New Art Gallery Walsall [19] agus an Royal Society of Chemistry . [20]

I mí Eanáir 2013, ba í Gerald R. Ford Presidential Library an chéad leabharlann uachtaránachta chun Vicipéideoir a fhostú, nuair a d’fhostaigh siad Michael Barera, mac léinn máistir in Ollscoil Michigan . [21]

I mí Mheán Fómhair 2013, ba í an National Archives and Records Administration an chéad eagraíocht chun Vicipéideoir buan lánaimseartha a fhostú nuair a d’fhostaigh an riarachán sin Dominic McDevitt-Parks chun dul isteach ina Oifig Nuálaíochta sa cháil sin. [18]

I mí an Mhárta 2014, chuir Ollscoil Harvard liostáil poist ar fáil ag lorg iarratasóirí le bheith ina Vicipéideoir cónaithe i Leabharlann Houghton . [22]

I mí Dheireadh Fómhair 2014, d’fhógair Leabharlanna Ollscoil Victoria gur ainmníodh Christian Vandendorpe mar Vicipéideoir cónaithe oinigh don bhliain acadúil 2014/2015 i gcomhar leis an Electronic Textual Cultures Lab (ETCL) agus an Federation for the Humanities and Social Sciences. [23] Ghlac an Dr. Constance Crompton an ról ó 2014-2016, agus an Dr. Erin Glass ina dhiaidh sin ó 2019-2020 agus Silvia Gutiérrez De la Torre ó 2020-2021. [24]

Faoi 2016, bhí níos mó ná 100 Vicipéideoir tar éis páirt a ghlacadh sa ról, [22] aagus bhí an chuid is mó díobh íoctha ag na hinstitiúid ina raibh siad ag obair ann nó ag eagraíocht a bhaineann le Vicimeán, agus daoine eile mar oibrithe deonacha.

Sa bhliain 2018 ceapadh Mike Wikison mar “Vicipéideoir i gcoitinne ” sa Nua-Shéalainn, a chuimsigh roinnt cónaitheachtaí ag institiúidí éagsúla ar fud na tíre, lena n-áirítear Auckland Museum . [25] [26]

Ról agus dualgais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúiteamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach spreagann an Vicipéid cúiteamh díreach a íoch as eagarthóireacht na n-alt agus go gcuireann sí cosc ar abhcóideacht neamhnochta, ceadaítear do na Vicipéideoirí cónaithe cúiteamh a fháil as obair ar-wiki [27] - trí chreidmheas, stipinn nó tuarastal a thairiscint - trína n-institiúidí urraíochta ar ar choinníoll go gcloíonn siad le treoirlínte dochta i gcoinne caidreamh poiblí nó margaíocht a dhéanamh dá n-institiúid.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.nytimes.com,The New York Times
  2. http://www.boston.com/business/technology/articles/2010/07/12/success_may_be_wikipedias_biggest_challenge/,The Boston Globe
  3. http://www.rsc.org.
  4. https://news.berkeley.edu
  5. https://gsas.columbia.edu
  6. http://www.museumsassociation.org
  7. http://www.insideindianabusiness.com
  8. http://www.mlive.com
  9. https://www.nytimes.com/The New York Times
  10. https://www.nytimes.com/The New York Times
  11. http://www.insideindianabusiness.com/Inside INdiana Business
  12. GLAM Château de Versailles project page, Wikipedia.
  13. GLAM Museu Picasso project page, Wikipedia.
  14. GLAM Derby project page, Wikipedia.
  15. http://www.boston.com/The Boston Globe
  16. =http://philanthropy.com/The Chronicle of Philanthropy
  17. http://blogs.smithsonianmag.com/Smithsonian Magazine
  18. 18.0 18.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  19. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  20. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  21. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". MLive.
  22. 22.0 22.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Outreach Wiki.
  23. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  24. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". ETCL.
  25. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). North & South.
  26. GLAM New Zealand Wikipedian at large project page, Wikipedia.
  27. Wikipedia:Conflict of interest#Wikipedians in residence, Wikipedia.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]