Vicipéid:Laethanta roghnaithe/24 Samhain
Cuma
Is é an 24 Samhain an 328ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 329ú lá i mbliain bhisigh. Tá 37 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Colman" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1784 – Rugadh Zachary Taylor, 12ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1850)
- 1826 – Rugadh Carlo Collodi, iriseoir agus scríbhneoir Iodálach (b.1890)
- 1922 – Cailleadh Robert Erskine Childers, údar agus náisiúnaí Éireannach (r.1870)
- 1940 – Cailleadh James Craig, ceannaire aontachtach i dTuaisceart Éireann (r.1871)
- 1942 – Rugadh Billy Connolly, aisteoir, fuirseoir agus ceoltóir Albanach
- 1963 – Cailleadh Lee Harvey Oswald, feallmharfóir John F. Kennedy (r.1939)
- 1973 – Tugadh cead vótála do na bundúchasaigh san Astráil
- 1991 – Cailleadh Freddie Mercury, amhránaí agus ceoltóir Sasanach (r.1946)
- 1995 – Vótáil muintir na hÉireann ar son leasú sa Bhunreacht chun go mbeadh colscaradh dleathach sa tír
- 1996 – Cailleadh Somhairle MacGill-Eain, file Albanach (r.1911)
- 1996 – Cailleadh Mícheál Ó hEithir, iriseoir spóirt (r.1920)