Vicipéid:Laethanta roghnaithe/26 Aibreán
Cuma
Is é an 26 Aibreán an 116ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 117ú lá i mbliain bhisigh. Tá 249 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Aontais" sa Tansáin.
- 1564 – Baisteadh William Shakespeare, aisteoir, drámadóir agus file (b.1616)
- 1785 – Rugadh John James Audubon, maisitheoir agus nádúraí (b.1851)
- 1865 – Cailleadh John Wilkes Booth, feallmharfóir Abraham Lincoln (r.1838)
- 1889 – Rugadh Ludwig Wittgenstein, fealsamh (b.1951)
- 1962 – Shroich an chéad roicéad, Ranger 4, an Ghealach
- 1976 – Cailleadh Sid James, aisteoir (r.1913)
- 1986 – Tharla tubaiste Searnóbail inar maraíodh 32 duine agus inar seoladh radaighníomhaíocht amach san atmaisféar
- 1989 – Cailleadh Lucille Ball, aisteoir agus fuirseoir Meiriceánach (r.1911)
- 2005 – D'fhág trúpaí na Siria an Liobáin tar éis 29 bliain ann