Sildenafil
Spriocghalar | vasculogenic impotence (en) , hipirtheannas scamhóige agus mífheidhmiú ardúcháin |
---|---|
Sonraí cliniciúla | |
Riosca le linn toirchis | Australian pregnancy category B1 (en) agus US pregnancy category B (en) |
Bealach | riarachán béil |
Grúpa cógaseolaíochta | comhdhúil cheimiceach |
Cód ATC | G04BE03 |
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
Foirmle | C22H30N6O4S |
Mais mhóilíneach | 474.20492444 Da |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 139755-83-2 |
PubChem (SID) | 135398744 |
IUPHAR/BPS | 4743 |
DrugBank | DB00203 |
ChemSpider | 5023 |
UNII | 3M7OB98Y7H |
KEGG | C07259 agus D08514 |
ChEBI | 9139 |
ChEMBL | CHEMBL192 |
PDB liogann ID | VIA |
ECHA | 100.122.676 |
Is éard is Sildenafil (Viagra a thrádainm) ann ná druga frithéagumais ghnéasaigh a shaothraigh an comhlacht Pfizer, agus a cuireadh ar an margadh don chéad uair i 1998.
Oibríonn sé trí shreabhadh na fola trí na baill ghiniúna fhireanna (an péineas) a mhéadú.[1] Braitheadh an iarmhairt seo nuair a bhí an druga á thástáil mar chóireáil ar ghalar croí.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 27 Márta 1998, cheadaigh an Riarachán Bia is Drugaí úsáid an druga Viagra.
Sa bhliain chéanna, bhuaigh Robert F. Furchgott, Louis Ignarro agus Ferid Murad Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis as a gcúnamh i léiriú feidhm ocsaíd nítrigine mar chomharthamhóilin sa chóras cairdifeadánach. Bhí an léargas seo tábhachtach i bhforbairt teiripí do ghalair croí agus saothrú an druga Sildenafil.[2]
Thosaigh Roinn na Cosanta Náisiúnta sna Stáit Aontaithe sna 200idí Viagra a sholáthar do sheansaighdiúirí – dhá phiolla bheaga ghorma an duine in aghaidh na míosa [3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mífheidhmiú ardúcháin
- Sláinte na bhfear
- Mífheidhmiú adhairce
- Furchgort, Robert F (1916-2009)
- Tadalafil (Cialis)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Viagra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 698.
- ↑ Pádraig Ó Siadhail (2006). "Piollaí beaga gorma agus gunnaí móra daora" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-27.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |