Sildenafil
Is éard is Sildenafil (Viagra a thrádainm) ann ná druga frithéagumais ghnéasaigh a shaothraigh an comhlacht Pfizer, agus a cuireadh ar an margadh don chéad uair i 1998.
Oibríonn sé trí shreabhadh na fola trí na baill ghiniúna fhireanna (an péineas) a mhéadú. Braitheadh an iarmhairt seo nuair a bhí an druga á thástáil mar chóireáil ar ghalar croí.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 27 Márta 1998, cheadaigh an Riarachán Bia is Drugaí úsáid an druga Viagra.
Sa bhliain chéanna, bhuaigh Robert F. Furchgott, Louis Ignarro agus Ferid Murad Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis as a gcúnamh i léiriú feidhm ocsaíd nítrigine mar chomharthamhóilin sa chóras cairdifeadánach. Bhí an léargas seo tábhachtach i bhforbairt teiripí do ghalair croí agus saothrú an druga Sildenafil.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |