Jump to content

Sláinte na bhfear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le sláinte na bhfear ná brainse míochaine atá ag teacht chun cinn le blianta anuas chun galair a chuireann isteach ar fhir go príomha a sheachaint is a chóireáil. Tagann cur chun cinn na sláinte i gceist maidir le hailse uiríoch is phrostátach, agus cuidiú le fir stíl beatha shláintiúil le haclaíocht, cothú maith is caitheamh stuama alcóil a bheith acu.

Tagann seachaint taismí is féinmharuithe, cúis mhór báis d'fhir óga, i gceist, agus cóireáil ar neamhoird fhireanna cosúil le héagumas is cailliúint gruaige.[1]

Reáchtaltar An Mhí Feasachta um Shláinte na bhFear i mí na Samhna gach bliain.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Sláinte na bhfear". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 605.
  2. Aodhán Ó Baoill (11-11-2025). "An Mhí Feasachta um Shláinte na bhFear - bíodh comhrá againn le chéile < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2025-11-10.