Movember
Cineál | Ócáid bhliantúil agus fondúireacht |
---|---|
Bunaitheoir(í) | Adam Garone |
Suíomh gréasáin | movember.com |
Is feachtas feasachta, agus carthanas cláraithe, é Movember (portmanta de moustache agus November) le daoine a chur ar an eolas faoi shláinte na bhfear.[1] Is gluaiseacht dhomhanda é, a bunaíodh san Astráil sa bhliain 2003. Bliain i ndiaidh bliana, bailítear na mílte euro ar son mheabhairshláinte na bhfear tríd an bhfeachtas ‘Movember’, nó 'Mó na Samhna', Croiméal na Samhna nó fiú ‘CromShamhain’ mar atá tugtha air uaireanta.[2]
Tarraingíonn an ghluaiseacht aird go háirithe ar ailse uiríoch,[3] ailse phróstataigh agus ar.mheabhairshláinte na bhfear (ar na rátaí arda féinmharaithe ach go háirithe).
Feachtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gach mí na Samhna, fásann a lán fear croiméal chun airgead a bhailiú don eagraíocht. Uaireanta bearraann na muisteaisí a bhí á bhfás i gcaitheamh mhí na Samhna chun airgead a bhailiú chomh maith.
Bíonn siad ag iarraidh aird na ndaoine a dhíriú ar shláinte na bhfear chomh maith, agus an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt dá chéile.[4] Bíonn neart feachtais ann le linn Movember le fir a spreagadh le dul chun scagthástáil a fháil.[1]
Tá mioneolas ar mheabhairshláinte na bhfear ar fáil ar leathanach Movember, agus eolas maidir le cad is féidir a dhéanamh agus a rá sa chás go bhfuil tú ag iarraidh comhrá a dhéanamh le cara leat mar gheall ar an meabhairshláinte.[5]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an feachtas san Astráil sna 2000idí luath nuair a rinne grúpa cairde an cinneadh gur theastaigh uathu seanstíl an chroiméil a athbheochan. Nuair a tosaíodh ar an bhfeachtas san am sin, bhí an croiméal tite go mór as faisean le hais bhlianta órga an chroiméil sna 1970-1980idí, agus bhí súil ag lucht bunaithe an fheachtais go dtarraingeodh na boilbín béil aird na gcairde agus na ngaolta agus go bhféadfaí tús macánta a chur le galair a bhíonn ar fhir.[2]
Movember in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2014, bhailigh “Movember” €1.4m in Éirinn amháin.[6] In Éirinn, is iondúil go roghnaítear carthanacht meabhairshláinte do Mhó na Samhna, ach dírítear freisin ar ghalair eile ar nós na hailse, go mór mór ailsí a bhíonn ag cur isteach ar fhir den chuid is mó.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh Éireannach, nó @MovemberIreland, nó Movember Ireland ar Facebook
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Seán Ó Dubhchon (13 Samhain 2023). "Movember – deis iontach le sláinte na bhfear a phlé < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-11-14.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 NÓS (2019-11-30). "In ainm Chroim! Airgead á bhailiú ar son shláinte na bhfear" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-11-14.
- ↑ nó ailse mhagairle
- ↑ maynoothuniversity.ie (11 Samhain 2019). "Eleathanach". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Oisín Uíbh Eachach (2022-11-17). "'Éilíonn tagairtí Shéamuis Barra Uí Shuilleabháin don ghalar dubhach anailís, caint, agus comhrá'" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-11-14.
- ↑ Conor de Paor | Sep 28 2016. "Éagóir chumtha na hailse in Éirinn" (en-ie). University Observer. Dáta rochtana: 2023-11-14.