Vega (spásárthach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisVega


Tugtar Vega ar dhá spásárthach (Vega I agus Vega II le bheith cruinn) a lainseáil an tAontas Sóivéadach i 1984 chun dhá phacáiste ionstraimí tomhais a chur ar thalamh Véineas i 1985, agus eitilt thar is staidéar a dhéanamh ar chóiméad Halley, a bhí le teacht ar a chamchuairt thréimhsiúil gar don Ghrian i 1986. Comhar idirnáisiúnta a bhí i gceist sna pacáistí ionstraimí is an spásloingseoireacht. Cuireadh na hionstraimí go talamh le balún, agus cuid mhaith den phróiseas léirithe ar an teilifís. Baineadh feidhm as imtharraingt Véineas chun na spásárthaigh a athdhíriú i dtreo an chóiméid. Fuair na pictiúir garamharc ar núicléas an chóiméid, agus rinneadh anailís ar ghás is deannach a eireabaill den chéad uair. Réabadh iad ag imbhuailtí na bpáirteagal san eireaball, agus cailleadh teileachumarsáid leo ansin.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Vega". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 696.