Uaireadóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Uaireadóir

Is gléas beag a chaitear ar chorp daoine a insíonn an t-am dóibh é uaireadóir. De ghnáth, caitear ar chaol na láimhe, go formhór ar an gciotóg, é, cé gur nós é le daoine uaireadóir a chaitheamh ar an ndeasóg freisin.

Bíonn aghaidh ar an uaireadóir agus is ansin a insítear an t-am. Déantar le ábhair éagsúla comhpháirteanna na huaireadóirí amhail ór, airgead, leathair, diamaint agus seoda eile.

Tá cáil mhór ar an Eilvéis mar thír ina dhéantar uaireadóirí den scoth. Tá uaireadóirí agus cloig á dhéanamh acu leis na céadta.