Triail Scopes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Triail múinteoir meánscoile, John Thomas Scopes, i stát Tennessee, SAM i 1925 ab ea Triail Scopes. Cuireadh i leith Scopes gur mhúin sé an éabhlóid bhitheolaíoch ina rang, rud a bhris dlí sa stát sin a shainordaigh go múinfí scéal litriúil an chruthaithe de réir an Bhíobla amháin. B'ócáid mhór phoiblí an triail, agus craobhscaoileadh í ar an raidió, fiú. De bhrí gur ghlac cuid mhaith daoine go raibh comhshinsir ag daoine is moncaithe, tugadh triail na moncaithe uirthi. Fuarthas Scopes ciontach agus gearradh fíneáil $100 air. Níor aisghairmeadh an dlí sin go dtí 1967.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Triail Scopes". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.