Translations

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinTranslations

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarBrian Friel Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Seánragreanntraigéide Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Personatges
CarachtairManus (en) Aistrigh, Sarah (en) Aistrigh, Jimmy Jack (en) Aistrigh, Máire (en) Aistrigh, Doalty (en) Aistrigh, Bridget (en) Aistrigh, Hugh (en) Aistrigh, Owen (en) Aistrigh, Captain Lancey (en) Aistrigh agus Lieutenant Yolland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú
Céadléiriú23 Meán Fómhair 1980 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aitheantóir Theatricalia58d Cuir in eagar ar Wikidata
IBDB: 8845 Cuir in eagar ar Wikidata

Is dráma Béarla, Éireannach le Brian Friel é Translations (Gaeilge: Aistriúcháin) Tá an dráma suite i scoil scairte i mBaile Beag (Ballybeg), baile ficseanúil atá lonnaithe i nDún na nGall, sa bhliain 1833. Céadléiríodh an dráma ag Guildhall Dhoire sa bhliain 1980. Dob é an chéad léiriú é den Field Day Theatre Company a bhunaigh Friel agus Stephen Rea. Leanann an dráma tuairim is 2 uair agus 15 nóiméad. Tá leagan Gaeilge den dráma ann.[1]

Scéal an dráma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Isteach sa bhaile iargúlta seo tagann Arm na Breataine, a bhfuil sé de chúram acu logainmneacha na hÉireann a aistriú go Sac-Bhéarla an Rí. Filleann Owen, dearthár Mhánais ar a bhaile dúchais tar éis sé bliana i mBaile Átha Cliath. Ina theannta tá an Leifteanant Yolland atá ag obair don tSuirbhéireacht Ordanáis ar mhaithe le léarscáil na hÉireann a chur ar fáil. Feidhmíonn Owen mar aistritheoir agus mar idirghabhálaí idir an t-arm agus muintir na háite. Tosaíonn Owen agus Yolland ag aistriú na n-áitainmneacha; athraíonn Druim Dubh ina Dromduff an Bhéarla, agus athraíonn Poll na gCaorach go Poolkerry agus Burnfoot a dhéantar as Bun na hAbhann. Éiríonn aighneas idir Yolland agus Manus as grá na beirte do Mháire, bean áitiúil. Tá an dráma i mBéarla ach na haisteoirí in ainm is a bheith ag labhairt Gaeilge, cé is moite de na saighdiúirí. Is mó go mór Gréigise agus Laidine atá le clos sa dráma ná Gaeilge de bharr gur fear mór clasaicí é Máistir na scoile. Le filleadh an mhic dhrabhlásaigh agus an Mháistir cuirtear splanc sa scéal. Déantar amhlaidh arís nuair a thuigtear scéal Yolland, fear tuisceanach Sasanach a thugann gean a chroí don áit agus don chailín áitiúil de réir a chéile.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Friel féin go mba chóir gur i nGaeilge a scríobhfaí é (should have been written in Irish) agus dar leis gur dráma faoi theanga agus faoi sin amháin atá ann (a play about language and only about language).

Cliar don chéad léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hugh
  • Doalty
  • Jimmy Jack
  • Maire
  • Owen
  • Sarah
  • Lieutenant Yolland
  • Captain Lancey
  • Bridget
  • Manus

Sa bhliain 2013 rinne Millenium Forum Productions, compántas as Doire faoi stiúir Adrian Dunbar an dráma a thabhairt chun ardáin sa Gaiety Theatre san ardchathair. Chuir Amharclann na Mainistreach ar ardán é sa bhliain 2022.

Eolas eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "PlayographyIreland - Aistriúcháin". Irishplayography.com (1995-11-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-03. Dáta rochtana: 2013-03-29.