Tom Sailí Ó Flaithearta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTom Sailí Ó Flaithearta
Beathaisnéis
Breith1931
An Cheathrú Rua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Aibreán 2021
89/90 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0959945 Cuir in eagar ar Wikidata

Aisteoir Éireannach ab ea Tom Sailí Ó Flaithearta (1931 – 15 Aibreán 2021).

Rinne Ó Flaithearta páirt Cóilín Ó Catháin ar an sobaldráma Gaeilge, Ros na Rún. Ba as an gCeathrú Rua ó dhúchas é, agus thosaigh sé ag aisteoireacht sna 1960idí. Bhí páirt aige sa scannán Poitín i 1978, mar Marcus.[1]

I measc na rólanna eile a bhí aige, bhí páirt aige sa ghearrscannán Conneely’s Choice a tháinig amach i 1992, agus rinne sé páirt Seáinín Liam sa scannán Cré na Cille in 2007.

Baineadh úsáid as a ghuth sna taifeadtaí de sheacht n-amhrán do pháistí ar an dlúthdhiosca a théann leis an leabhar Gugalaí Gug.

Sna 1950idí, bhunaigh sé Aisteoirí Loch Conaortha, agus sna 1960idí, ghlac sé páirt sa tsraith Labhair Gaeilge Linn ar RTÉ.[2]

Is ball eile d'fhoireann Ros na Rún í a neacht, Fionnuala Ní Fhlatharta.

Fuair sé bás ar 15 Aibreán 2021.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. "Aistritheoirí Synge". Dáta rochtana: 2024-01-20.
  3. Death Notice of Tom Sailí Ó Flaithearta” (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2021-04-18.