Cré na Cille (scannán 2007)
Cuma
| Buneolas | |
|---|---|
| Stiúrthóir | Robert Quinn |
| Comhlacht léiriúcháin | Rosg |
| Mionsonraí | |
| Tír bhunaidh | Éire |
| Céadléiriú | 2007 |
| Bunteanga | an Ghaeilge |
| Cur síos | |
| Bunaithe ar | Cré na Cille |
| Seánra | geandrámaíocht |

Is scannán lánfhada atá i gCré na Cille (2007), bunaithe ar úrscéal clúiteach Mháirtín Uí Chadhain, bunaithe ar chaint agus comhráite na gcorpán curtha i reilig i gConamara, arna stiúradh ag Robert Quinn. Rinneadh an scannán gan tacaíocht ó Bhord Scannán na hÉireann, a dhiúltaigh an togra a mhaoiniú.
Plota
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scéal dorcha lonnaithe i reilig i gConamara é, faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile, coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.
Fáilte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair an t-athchóiriú ardmholadh ó lucht critice na scannánaíochta agus na litríochta Gaeilge agus ó lucht féachana ginearálta araon.[1]
Fuair sé ainmniúchán i bhFéile Shang-hai, an fhéile scannán is mó san Áis.[2][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Woods, Jeannine / nuigalway.ie (2017). "Scannánaíocht na Gaeilge ag tabhairt aghaidh ar an domhan mór". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Cré na Cille i Shang Hai" (30 Bealtaine 2007). An Cúléisteoir Iml 02 (Eag 22).
- ↑ "Cré na Cille san Omniplex, Gaillimh". Lá Nua. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Iúil 2007.
| Is síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |