Ózón ar leibhéal na talún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Toitcheo ózóin)

Déantar monatóireacht leanúnach ar Ózón ar leibhéal na talún (Béarla: Ground Level Ozone nó GLO); breathnaítear ar an iomarca ózóin a bhailíonn ar dhromchla an Domhain agus a thagann de bharr truailleáin mar ózón “dona”, mar go bhféadfadh sé a bheith díobhálach do dhaoine agus d’ainmhithe.[1]

Go hiondúil bheadh leibhéil ózóin de thart ar 20 – 45 ppb ag ‘láthair glan’, cé go bhfuil leibhéil ar an taobh eile ar fad de d’os cionn 300ppb le fáil, mar shampla i gCathair Mheicsiceo, uaireanta.

Tomhais ózóin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is in aonaid micreagraim de réir an mhéadair chiúbaí (µg/m3) a dhéantar tuairisciú air go minic, le measúchán garbh de dhúbailt shimplí ar an luach ppb. Rialaíonn reachtaíocht leibhéil inghlactha ózóin san Eoraip, go háirithe Treoir 2008/50/CE a deir nár chóir de mheán uasmhéid laethúil 8 n-uaire dul thar 120µg/m3 le linn 25 lá i mbliain féilire thar 3 bliana.[1]

Socraíonn an treoir freisin na leibhéil ag ar chóir saoránaigh a chur ar an eolas agus ar an airdeall, 180µg/m3 agus 240µg/m3 faoi seach,faoi chontúirtí ózóin talún. Ar deireadh socraíonn sé sprioc fadtéarmach go mbeadh uasmheán laethúil ag leibhéil ózóin talún faoi 120µg/m3.

Ós rud é nach mbeadh an chuid is mó den phobal eolach ar na luachanna sin, go hiondúil tuairiscítear stádas na cáilíochta aeir i dtéarmaí tuairisciúla ar nós maith, réasúnta, dona etc. Tugtar ‘Innéacs Cháilíocht Aeir’ ar seo agus déantar é a chinneadh ón bhfíor-leibhéal ózóin talún reatha.[1]

Toitcheo ózóin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go minic bíonn an-chuid ózóin i dtoitcheo, go mór mór é sin a tháirgtear ag sceithphíopaí gluaisteán. Bíodh is gur maith an t-ábhar thuas sa strataisféar an t-ózón, ní maith é go híseal sa trópaisféar mar cuireann sé isteach ar dhaoine, a súile is a riospráid, agus goilleann sé go mór ar sheandaoine, daoine le plúchadh, is daoine atá ag déanamh aclaíochta.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "Monatóireacht ózóin - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann" (ga). www.met.ie. Dáta rochtana: 2023-09-29.
  2. Hussey, Matt (2011). "Toitcheo ózóin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 668.