Toitcheo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Truailliú aeir de bharr foinsí éagsúla. Sa Bhreatain, mar shampla, roimh lár an 20ú céad tharla toitcheo nuair a d'fheidhmigh súiche is deatach ó mhonarchana is tithe mar núicléis comhdhlúthaithe, agus ní raibh na gáis thruaillithe, dé-ocsaíd sulfair (SO3) is aonocsaíd charbóin (CO), in ann éalú, mar shampla, mar gheall ar inbhéartú teochta. Tharla toitcheo go sonrach i 1952 a bhí freagrach as bás 4,000 duine ar a laghad i Londain amháin. Thug rialtas na Breataine an Clean Air Act (Acht um Aer Glan) 1956 isteach mar thoradh air sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Toitcheo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 668.