Tiontaire catalaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste frith-thruailleán. Is beag gluaisteán nua nach bhfuil ceann insealbhaithe ann chun na gáis sceite a ghlanadh roimh iad a ligean amach san atmaisféar. Feidhmíonn an gaireas trí dhromchlaí platanaim nó pallaidiam a nochtadh do na gáis sceite, rud a luasghéaraíonn nó a chatalaíonn imoibrithe ar na hidreacarbóin, na comhdhúile sulfair is eile chun a nimhiúlacht a laghdú (catalú ilchineálach). Is fearr éifeachtaí an catalú a dhéanann an gaireas nuair a bhíonn sé te le linn aistir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tiontaire catalaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 664.