Tine Reichstag (1933)
San oíche idir an 27ú agus an 28ú lá de Mhí Feabhra 1933, chuaigh áras an Reichstag i mBeirlín sa Ghearmáin — is é sin, áras na Parlaiminte — trí thine.
Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gabhadh fear óg ón Ísiltír, an tOllannach Marinus van der Lubbe, agus ciontaíodh é as an tine a fhadú. Ní raibh moill ar bith ar na Naitsithe an locht a fháil ar na Cumannaigh. Mhaígh siad gur chuid de chomhcheilg chumannach a bhí ann le cumhacht a sciobadh.[1] Is léir go bhfuil neart amhrais ag staraithe an lae inniu faoi fhírinne an scéil seo.[2] Is é an chiall a bhain na Naitsithe as an scéal gur sceimhlitheoir Cumannach ba ea van der Lubbe, cé gur fear mire a bhí ann thar aon rud eile is cosúil.
Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
D’éiligh Adolf Hitler go ndéanfadh an tUachtarán von Hindenburg beart agus bhí na Naitsithe ag éileamh cumhachtaí speisialta le feachtas sceimhlitheoireachta an Idirnáisiúntáin Chumannaigh a stopadh.
D'áitigh Hitler ar an Uachtarán Hindenburg na dlíthe éigeandála a chur i bhfeidhm, rud a chuir ar chumas an tSeansailéara na cearta sibhialta bunaidh a chur ar ceal. An lá i ndiaidh na tine reachtaíodh dlíthe éigeandála a thug a lán cumhachta do na Naitsithe leis an bhagairt chumannach a chloí.
Ní fhéadfaí na dlíthe éigeandála a choinneáil i bhfeidhm ach go sealadach, agus theastaigh ó Hitler dlíthe seasta den chineál chéanna a reachtú. Achtaíodh an dlí sin ar an 23 Márta 1933. Tugadh an Forógra um Chosaint Phobal agus Stát na Gearmáine air seo (Ermächtigungsgesetz nó Enabling Act).[3]
Chuir an dlí seo ar chumas na Naitsithe na cearta agus na pribhléidí saoirse a bhí ag na daoine faoi Bhunreacht Weimar a chur ar ceal.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Reichstag fire" (in en) (2020-03-20). Wikipedia.
- ↑ Diarmaid Ua Bruadair, St Mary;s (2007). "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Enabling act" (in en) (2020-03-12). Wikipedia.