Reichstag (foirgneamh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Foirgneamh an Reichstag

Foirgneamh an Reichstag (Gearmáinis: Reichstagsgebäude) i mBeirlín na Gearmáine. Tógadh é mar áit chruinnithe do dhiat impiriúil, nó parlaimint, na tíre úd. Ba é Reichstag ainm dhiat na Gearmáine san am atá thart agus tugadh "Reichstag" ar an bhfoirgneamh féin chomh maith. Leanadh den ainm sin i ndiaidh don diat Ghearmánach féin a bheith aistrithe go háiteanna eile.

Cuireadh tús le comórtas lena thógáil 1872, go gairid i ndiaidh aontú na Gearmáine sa bhliain roimhe sin. Osclaíodh an foirgneamh sa bhliain 1894 agus tháinig an Diat le chéile ann go 1933, nuair a rinne dóiteán cáiliúil na bliana úd an-damáiste dó, mar a rinneadh arís eile sa Dara Cogadh Domhanda. Ligeadh i léig é i ndiaidh 1945, agus parlaimintí na Geamáine Thiar agus na Gearmáine Thoir ina suí i mBonn agus i mBeirlín Thoir faoi seach.

Die Reichstag t. 1900

Cosnaíodh an Reichstag ar an aimsir agus cuireadh caoi áirithe air sna blianta 1961–1964. Mar sin féin, ní dhearna aon iarracht athchóiriú iomlán a dhéanamh go dtí athaontú na Gearmáine ar 3 Deireadh Fómhair 1990. Faoi stiúradh Norman Foster, ailtire, cuireadh caoi cheart air. Agus an athchóiriú críochnaithe sa bhliain 1999, baineadh úsáid as an bhfoirgneamh arís do pharlaimint na Gearmáine, ar a dtugtar an "Bundestag". Inniu, tugann na Gearmánaigh Reichstag ar an bhfoirgneamh agus Bundestag ar an bparlaimint de ghnáth.

An Reichstag i ndiaidh bhuamála na gComhghuaillithe sa bhliain 1945