Loscadh Reichstag (1933)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLoscadh Reichstag
Íomhá
Map
 52°31′07″N 13°22′34″E / 52.5186°N 13.3761°E / 52.5186; 13.3761
Lipéad sa teanga dhúchais(de) Reichstagsbrand Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcoirloscadh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana27 Feabhra 1933 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhReichstag, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata, Reichstag Cuir in eagar ar Wikidata
TírGearmáin na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocReichstag Cuir in eagar ar Wikidata
DamáistitheReichstag Cuir in eagar ar Wikidata


San oíche idir an 27ú agus an 28ú lá de Mhí Feabhra 1933, chuaigh áras an Reichstag i mBeirlín sa Ghearmáin — is é sin, áras na Parlaiminte — trí thine, Loscadh Reichstag in annála na staire.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhadh fear óg ón Ísiltír, an tOllannach Marinus van der Lubbe, agus ciontaíodh é as an tine a fhadú. Ní raibh moill ar bith ar na Naitsithe an locht a fháil ar na Cumannaigh. Mhaígh siad gur chuid de chomhcheilg chumannach a bhí ann le cumhacht a sciobadh.[1]

Is léir go bhfuil neart amhrais ag staraithe an lae inniu faoi fhírinne an scéil seo.[2] Is é an chiall a bhain na Naitsithe as an scéal gur sceimhlitheoir Cumannach ba ea van der Lubbe,[3] cé gur fear mire a bhí ann thar aon rud eile, is cosúil.

Paul von Hindenburg
Marinus van der Lubbe, Feabhra 1933[3]
comhghuaillíocht scaoilte de pháirtithe an fhreasúra ag an am

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éiligh Adolf Hitler go ndéanfadh an tUachtarán von Hindenburg beart agus bhí na Naitsithe ag éileamh cumhachtaí speisialta le feachtas sceimhlitheoireachta an Idirnáisiúntáin Chumannaigh a stopadh.

D'áitigh Hitler ar an Uachtarán Hindenburg na dlíthe éigeandála a chur i bhfeidhm, rud a chuir ar chumas an tSeansailéara na cearta sibhialta bunaidh a chur ar ceal. An lá i ndiaidh na tine reachtaíodh dlíthe éigeandála a thug a lán cumhachta do na Naitsithe leis an bhagairt chumannach a chloí.

Ní fhéadfaí na dlíthe éigeandála a choinneáil i bhfeidhm ach go sealadach, agus theastaigh ó Hitler dlíthe seasta den chineál chéanna a reachtú. Achtaíodh an dlí sin ar an 23 Márta 1933. Cuireadh an 'Forógra um Chosaint Phobal agus Stát na Gearmáine' ar ceal. Reachtaíodh an tAcht Údaraithe (Ermächtigungsgesetz nó Enabling Act) le 441 vóta ar a shon agus 94 vóta ina éadan ar 23 Márta 1933.[4]

Chuir an dlí seo ar chumas na Naitsithe na cearta agus na pribhléidí saoirse a bhí ag na daoine faoi Bhunreacht Weimar a chur ar ceal.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Reichstag fire" (as en) (2020-03-20). Wikipedia. 
  2. Diarmaid Ua Bruadair, St Mary;s (2007). "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 2020.
  3. 3.0 3.1 "Marinus van der Lubbe" (as en) (2022-01-15). Wikipedia. 
  4. "Enabling act" (as en) (2020-03-12). Wikipedia.