Thomas Picton
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Lúnasa 1758 Hwlffordd, Wales |
Bás | 18 Meitheamh 1815 56 bliana d'aois Cath Waterloo |
Siocair bháis | Maraíodh i gcomhrac |
Ball de 5ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe | |
Téarma parlaiminte: 5ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Haverfordwest Grammar School (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | oifigeach míleata, polaiteoir |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Céim mhíleata | oifigeach coitianta leifteanant-ghinearál |
Coinbhleacht | Cogaí Réabhlóideacha na Fraince agus Cogaí Napoléon |
Teaghlach | |
Athair | Thomas Picton agus Cecil Powell |
Gradam a fuarthas | |
Oifigeach de chuid Arm na Breataine a throid i gCogaí Napoléon ab ea an Leifteanantghinearál Sir Thomas Picton (24 Lúnasa 1758 – 18 Meitheamh 1815). Dar leis an staraí Alessandro Barbero, bhí “meas ar Phicton as a mhisneach agus bhí faitíos roimhe mar gheall ar a mheon teasaí”. (Béarla; "respected for his courage and feared for his irascible temperament" ) Thug an Diúc Wellington "a rough foul-mouthed devil as ever lived", air, ach fós féin shíl sé go raibh sé cumasach.
Tharraing aird an phobail air ar dtús mar gheall ar a chruálacht líomhnaithe le linn dó a bheith ina ghobharnóir ar Oileán na Tríonóide (1797–1803), agus cuireadh ar a thriail i Sasana é dá bharr sin ar chéasadh neamhdhleathach Luisa Calderón, cailín 14 bliana d'aois, a cheadú.[1] Cé gur ciontaíodh Picton ar dtús, cuireadh an ciontú ar ceal ina dhiaidh sin agus Picton ag maíomh go raibh Oileán na Tríonóide faoi réir dhlí na Spáinne le linn an ama sin, rud a cheadaigh úsáid an chéasta.[2] Lean an chonspóid faoin gcéasadh agus faoi ról Phicton i dtrádáil na sclábhaithe coilíneacha. Sa bhliain 2020, vótáil Comhairle Caerdydd chun dealbh Phicton a bhaint as an ngailearaí “Laochra na Breataine Bige” i Halla na Cathrach, Caerdydd.[3] Sa bhliain 2022, d’aistrigh Ard-Mhúsaem Caerdydd portráid Phicton óna gailearaí “Oriel Wynebau Cymru” (Gaeilge: Aghaidheanna na Breataine Bige) go dtí taobhsheomra, in éineacht le cur síos ar an gcaoi ar chaith sé go brúidiúil le muintir na Tríonóide.[4]
Cuimhnítear go príomha ar Phicton mar gheall ar a ghníomhartha faoi Wellington i gCogadh Saoirse na Spáinne (1807-1814), nuair a throid sé i go leor comhrac, ag taispeáint crógacht agus diongbháilteacht mhór. Maraíodh é sa bhliain 1815 agus é ag troid ag Cath Waterloo, le linn ruathair ríthábhachtaigh bheaignite inar chuir a rannán stop le hionsaí chór Erlon ar lár na gcomhghuaillithe ar chlé. Ba é an t-oifigeach is sinsearaí é a fuair bás ag Waterloo. Bhí sé ina Fheisire Parlaiminte tráth a bháis.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “What to do about Thomas Picton?”. museum.wales. Wales Museum. Dáta rochtana: 25 June 2020.
- ↑ Prior (2015-06-18). "Waterloo's hero and villain" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2020-08-02.
- ↑ “Statue of slave owner Thomas Picton to be removed from Cardiff City Hall”. BBC (23 Iúil 2020). Dáta rochtana: 25 Iúil 2020.
- ↑ "Portrait of tyrant Thomas Picton moved to side room in Welsh museum". The Guardian (1 Lúnasa 2022).