Thomas Cech
Appearance
Bithcheimicí Meiriceánach is ea Thomas Robert Cech, a rugadh ar 8 Nollaig 1947 i Chicago. An chéad duine a thaispeáin gur féidir le RNA feidhmiú mar einsím, catalaíoch bitheolaíoch. D'aimsigh sé cineálacha RNA a d'fheidhmigh mar seo is a d'athraigh iad féin sa phróiseas, agus cineálacha eile nár athraigh iad féin, ar tugadh ribisímí orthu. Roinn sé Duais Nobel sa cheimic le Sidney Altman i 1989 as seo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Thomas Cech". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 126.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |