Catalaíoch
Appearance
Ábhar nach mbíonn ach rian de i gcóras ceimiceach, go príomha sa cheimic orgánach, a mhéadaíonn ráta imoibrithe cheimicigh agus nach n-athraítear in aon chor sa phróiseas. De réir dealraimh, feidhmíonn na clórafluaracarbóin (CFCanna) mar chatalaígh sna himoibrithe a mhilleann ózón san atmaisféar. De bhrí nach n-athraítear iad sa phróiseas, fanann gach móilín CFC san atmaisféar chun dochar a dhéanamh do na mílte móilín ózóin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Catalaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 121.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |