Jump to content

The Irish News

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánThe Irish News
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
TeangaBéarla
Am tosaigh1891 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Patrick MacAlister
Tréith
Formáid nuachtáindlúth

Suíomhirishnews.com Cuir in eagar ar Wikidata

X: irish_news Cuir in eagar ar Wikidata

Is páipéar nuachta laethúil é The Irish News atá bunaithe sa bhliain 1891 i mBéal Feirste. Tá léargas náisiúnach measartha ag an páipéar. Tá príomh-fhócas aige ar nuacht in Ulaidh ach tá sé ar fáil i bhformhór na hÉireann.

Is é The Irish News an t-aon nuachtán laethúil atá bunaithe i dTuaisceart Éireann atá faoi úinéireacht neamhspleách. Ba é sin cás an nuachtáin ó bunaíodh é ar an 15 Lúnasa 1891 mar nuachtán frith-Pharnell. Timpeall 1968, agus i rith na Trioblóidí tháinig méadú mór ar imshruthú The Irish News, go háirithe i rith aimsir an imtheorannaithe gan triail.

I mí an Mheithimh 1982, tháinig an páipéar faoi stiúradh iomlán chlann Mhic Giolla Phádraig, úinéirí an nuachtáin sa lá atá inniu ann. Is é an páipéar is mó léite i dTuaisceart Éireann é The Irish News. Tá cáil air fosta mar gheall ar a thuairisciú leathan ar na Cluichí Gaelacha.

Fás níos Deireanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Irish News ina pháirt den ghrúpa cumarsáide Northern Media Group. Is leis an teaghlach céanna sé stáisiún raidió i gCúige Uladh: Five FM, Six FM, Seven FM, Q97.2, Q101.2 agus Q102.9. Tá baint ag an ghrúpa Northern Media Group leis an chomhlacht úr nuachta, River Media, atá ag fás go gasta.

Gaeilge sa nuachtán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2006, thosaigh duine d'fhoireann an nuachtáin Robert MacMillen, ag cur dhá leathanach Gaeilge sa lá ar fáil sa nuachtán faoin teideal An tEolas go ginearálta. Faoi 2011 is leathanach amháin a bhíodh ann gach lá ó Luan go hAoine, leathanach don óige, leathanach spóirt, leathanach do na healaíona, leathanach do ghnéithe popchultúir agus idir agallaimh le daoine cáiliúla ar nós Angelina Jolie, Stephen Spielberg, Michael Caine, Meryl Streep, Matt Damon, agus cheachtanna Gaeilge air. Bhíodh blag ag an eagarthóir Gaeilge freisin. Bhíodh cúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta á bplé ann. Mhol Uí Chollatáin feabhas an eagarthóra Gaeilge.[1]

Imshruthú agus léitheoireacht
Imshruthú 47,911 (RA amháin)
Léitheoireacht
Dataí Eanáir 2008 – Meitheamh 2008
Foinse Audit Bureau of Circulations
  • Bronnadh CIPR Newspaper of the Year Award ar The Irish News sé bliain amach as naoi gceann idir 1999 agus 2008.
  • 2006 – CIPR Best Supplement – Weekend
  • 2007 – Production Journal Regional Newspaper of the Year
  • 2007 – Newspaper Society Promotional Campaign of the Year
  • 2007 – Newspaper Society UK Regional Press Photographer of the Year (Mal McCann)
  • 2007 – CIPR Best Supplement – Weekend
  • 2008 – CIPR Production Journalist of the Year (Jeremy Kirker)
  • 2008 – Annual Irish Print Awards' National Newspaper Award
  • 2008 – CIPR Print Business Journalist (James Stinson)
  • 2008 – CIPR Business Journalist of the Year (James Stinson)
  • 2008 – CIPR Newspaper and Daily Newspaper of the Year

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]