The Hurt Locker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Lógó The Hurt Locker

Rinneadh an scannán The Hurt Locker sa bhliain 2008. Is iad Jeremy Renner, Anthony Mackie agus Brian Geraghty na réaltaí atá sa scannán. Ba í Kathryn Bigelow an stiúrthóir den scannán. Scríobh Mark Boal an script scannáin. Scaoileadh é ar an séú lá is fiche de mhí Meitheamh. Bhuaigh The Hurt LockerOscar. Ghinn sé $50 milliún dollar sa díoloifig sna Stáit Aontaithe.

Tá an scannán seo bunaithe san Iaráic. Is é an t-ábhar don scannán ná saol triúr fear ar fhoireann diúscartha buamaí. Is é Jeremy Renner an príomhcharachtar ann. Sa scannán cuirtear William James ar a charactar. Thosaigh William James mar bhall nua den fhoireann sa chogadh san Iaráic. Tá J.T Sanborn (Anthony Mackie) agus Owen Eldridge (Brian Geraghty) ar a fhoireann freisin. Is duine feargach agus contúirteach é William James. Tá an triúr fear chun dul ag troid i gcoinne Arabaigh ag baint úsáide as raidhfil a dtugtar 50.cal Barrett uirthi. Bhuail Jamesw le buachaill sa chathair agus réitigh siad go maith lena chéile. Tar éis tamaill tháinig Jamaes ar chorp na buachalla i dteach stóir. Maraíodh an buachaill sular cuireadh buama i bhfolach ina chorp. Chinn James dul i dtóir na daoine a mharaigh an buachaill agus téann sé le Sanborn agus Eldrige. Nuair atá siad ag chuartú na buachalla, fuadaíodh Eldridge. Tarrtháladh James agus Sanborn Eldrige le linn an eachtra scaoileadh pilléar sa cos ag Eldridge. D'fhág Eldridge an fhoireann mar gheall ar a ghortú. Cúpla lá ina dhiaidh sin, téann James agus Sanborn ar a misean deireannach. Tháinig fear dóibh le buama ceangailte dó agus rinne James iarracht an buama a bhaint dó agus bhí an rud ceangailte do dochr daingean. Ní raibh ach dhá mhandar aige leis an mbeart a chur i gcrích agus theip ar James is d'imigh leis ansin. Phléasc an buama agus fuair an fear seo bás. D'fhill James agus Sanborn go Meiriceá. Bhuail an leadrán James agus bheartaigh sé bliain eile a chaitheamh i mbun oibre sa Íaraic.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]