Teiléacs
Cuma
Is é is teiléacs[1][2] ann ná córas idirnáisiúnta teileagrafaíochta ina dtarchuireann na línte teileafóin teachtaireachtaí clóbhuailte.
Bíonn trealamh chun na focail clóbhuailte a chlaochlú ina gcomharthaí leictreacha, agus a mhalairt (teiliprintéirí).
Bhíodh a ghlaochomhartha is a uimhir féin ag gach rannpháirtí sa chóras. Saor go leor a bhí sé, ach timpeall 1990 bhí an córas facs tar éis teacht ina ionad, agus ó shin is é an ríomhphost an córas ardcheannasach.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “telex — Aistriúchán Gaeilge ar telex (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-08-16.
- ↑ ““telex” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-16.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teiléacs". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 650.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |