Teiléacs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gléas teiléacs

Is é is teiléacs ann ná córas idirnáisiúnta teileagrafaíochta ina dtarchuireann na línte teileafóin teachtaireachtaí clóbhuailte.

Bíonn trealamh chun na focail clóbhuailte a chlaochlú ina gcomharthaí leictreacha, agus a mhalairt (teiliprintéirí).

Bhíodh a ghlaochomhartha is a uimhir féin ag gach rannpháirtí sa chóras. Saor go leor a bhí sé, ach timpeall 1990 bhí an córas facs tar éis teacht ina ionad, agus ó shin is é an ríomhphost an córas ardcheannasach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]