Teiliméadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tomhas paraiméadair agus tarchur na sonraí ón bhfoinse, go huathoibríoch de ghnáth, trí bhíthin tonnta raidió go dtí glacadóir i bhfad amach ón bhfoinse. Tarchuireann satailítí a gcuid sonraí mar seo go dtí an Domhan, agus is mar seo a fheidhmíonn raidió, teilifís is na teileafóin nua-aimseartha sho-iompartha.