Teilifís na Gaeltachta (1987)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTeilifís na Gaeltachta
Sonraí
Cineálstáisiún teilifíse bradach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1987

Stáisiún teilifíse bradach ab ea é Teilifís na Gaeltachta, a chraol i 1987, go hiomlán trí mhéan na Gaeilge[1]. Chraoladh é ó Chnoc Mordáin, Ros Muc[2].

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé geallta ag Rialtas na hÉireann seirbhís teilifíse a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta ó 1969, ach, le linn na 70idí agus na 80idí, ní raibh aon cineáil seirbhís curtha ar fáil. Ag an am chéanna, bhí líon cainteoirí Gaeilge ag laghdú gan moill. Mar gheall den easpa táirgí le fáil as Gaeilge, bhí sí ag laghdú mar theanga pobail[3].

É sin ráite, i 1987, thosaigh grúpa gníomhaithe ag obair chun seirbhís teilifíse lán-Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Tharraing an grúpa seo inspioráid ó Saor-Raidió Chonamara, stáisiún raidió bradach, a rinne agóid rathúil ar shon Raidió lán-Gaeilge i 1970[1].

Piaras Ó Gaora, Colm O Mainín, Norbert Payne, Bob Quinn, agus Joe Mac Donnacha ab iad príomh-eagraithe na agóide[2]. B’é Norbert Payne an fear a rinne tarchuradóir an stáisiún[1]. Bhí raon 15 míle ag an tarchuradóir[1][3].

Chraoladh an stáisiún don chéad uair ar 5 Deireadh Fómhair 1987[1].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 The Archivist (2020-10-10). "Irish Broadcasting History & Hall of Fame: The History of Irish Pirate Television". Irish Broadcasting History & Hall of Fame. Dáta rochtana: 2023-02-23.
  2. 2.0 2.1 Pléaráca 2006 An Coiste Eagarthóireachta (2006). "TG4...TnaG...Teilifís na Gaeltachta" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 "From dream to reality" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-03-09.