Teicneolaíocht faisnéise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gnáth-théarma ar an raon teicneolaíochtaí chun eolas (sonraí, téacs, líníochtaí, taifid fuaime, físe is eile) a phróiseáil is a aistriú le ríomhairí, leictreonaic dhigiteach agus teileachumarsáid. Le forbairtí teicniúla sna 1970idí-1980idí, iomlánú ar ollscála, agus modhanna cumarsáide satailíte is optúla, tharla fás an-mhór maidir leis na heolaíochtaí seo is a bhfeidhmeanna trádálacha.

Baineann an réimse gaolmhar, innealtóireacht faisnéise, le hanailísiú is dearadh na gcórais nua ríomhaire agus saothrú na mbogearraí tacaíochta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teicneolaíocht faisnéise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 649.