Teanglann
| URL | https://www.teanglann.ie/ agus http://breis.focloir.ie/ |
|---|---|
| Cineál | suíomh gréasáin |
| Cur i seirbhís | 31 Deireadh Fómhair 2013 |
| Tír | Éire |
Suíomh gréasáin is ea Teanglann.ie a sholáthraíonn foclóirí tábhachtacha Gaeilge, chomh maith le sonraí gramadaí agus foghraíochta. Tugtar an Leabharlann Teanga agus Foclóireachta ar an suíomh freisin.[1] Is é Foras na Gaeilge a d'fhorbair an suíomh mar thionscadal comhthreomhar le tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge.
Tá leaganacha inchuardaithe leictreonacha ar an suíomh den
- English-Irish Dictionary (eag. Tomás de Bhaldraithe, 1959)
- Foclóir Gaeilge-Béarla (eag. Niall Ó Dónaill, 1977), agus
- An Foclóir Beag (eag. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, 1991) ar an suíomh
Faoin mbliain 2025 bhí le maíomh ag Cormac Breathnach, Bainisteoir Thionscadail Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, go raibh breis agus dhá mhilliún duine ag úsáid Teanglann.ie gach bliain.[2]
Aip
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí leagan den suíomh ar fáil mar aip i siopaí Google agus Apple freisin, saor in aisce. D'fhéadfaí suas le 3 fhoclóir Gaeilge a íoslódáil, móide na comhaid ghramadaí agus fuaime, agus is d'fhéadfaí úsáid na mbunachar a shaincheapadh de réir riachtanais an úsáideora féin – sa chás go mbíodh spás ag teastáil ar do ghléas, d'fhéadfá fáil réidh le bunachair áirithe, agus iad a ath-íoslódáil níos déanaí dá mba mhian leat.[3]
Feidhmeanna agus gnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Uathchríochnú sa chuardach chun cabhrú leat focail agus frásaí a aimsiú go tapa;
- Cuir réiltín leis na hiontrálacha is fearr leat chun iad a shábháil;
- Liosta de na cuardaigh is déanaí a rinne tú;
- Tapáil faoi dhó ar fhocal in iontráil chun é sin a chuardach;
- An comhéadan ar fáil i nGaeilge, i mBéarla, nó sa Fhraincis.
Fógraíodh i Mí na Samhna 2025 gur cuireadh deireadh le tacaíocht don aip. Measadh gur bhain an iomarca oibre agus costais lena cothabháil. Ina hionad, moltar PWA [en] a shuiteáil ón mbrabhsálaí, rud a bhíonn na feidhmeanna céanna aici agus a bhíonn ag an suíomh gréasáin. Bíonn siad ag brath ar cheangal idirlín.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir teacht ar an leagan den aip do ghléasanna Apple anseo agus an leagan Android anseo
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Maidir leis an suíomh seo". Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Bill Breathnach (09 Nollaig 2025). "Foclóir úrnua aonteangach ar fáil". Scéal: lch 1.
- ↑ "Aip an tsuímh" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2025-11-04). "Deireadh ag teacht le leaganacha aipe ‘Foclóir.ie’ agus ‘Teanglann.ie’". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-06.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |