Focloir.ie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinFocloir.ie
URLhttps://www.focloir.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfoclóir ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirPádraig Ó Mianáin Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís24 Eanáir 2013 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Pádraig Ua Duinnín (Dinneen), 1904

Foclóir Béarla-Gaeilge atá ar fáil ar líne is ea focloir.ie, a tháinig ar an bhfód ar an 24 Eanáir 2013. Tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge atá ann, agus é ar fáil saor in aisce ar an idirlíon.

Léitheoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2019, bhí breis is 48,000 iontráil agus 130,000 aonad céille le fáil ar an suíomh foclóireachta. Déantar nuashonrú rialta ar an mbunachar, i bhfianaise aiseolas ón bpobal agus focail is téarmaí nua a thagann in úsáid. Tá eolas gramadaí agus comhaid fuaime ag dul leis na hiontrálacha ar an suíomh chomh maith.[1]

Ón 1 Aibreán 2018 go dtí 31 Márta 2019, d’fhéach breis is dhá mhilliún duine ar shuíomh focloir.ie. Ardú 23% é ar an tréimhse chéanna in 2017/2018. Ar an bhfón póca a dhéanann 60% de na húsáideoirí sin an cuardach, ríomhairí deisce a úsáideann 30% agus táibléid a bhíonn ag an 10% eile.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Cormac Breathnach mar bhainisteoir i gcomharbacht ar Chathal Convery sa bhliain 2019.[2] Tá Cormac Breathnach ag obair ar thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ó 2014. Bhí Cathal Convery ina Bhainisteoir Tionscadail ar an obair fhoclóireachta le breis is deich mbliana agus baint mhór aige le teacht ar an saol foclóir.ie agus lena fhorbairt ó shin.

an Dr Pádraig Ó Mianáin ina eagarthóir ar an saothar.

Cuireadh leagan den fhoclóir Béarla-Gaeilge i gcló i bhfoirm leabhair.[3]

Leagan páipéir[cuir in eagar | athraigh foinse]

30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua. Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie. 48,000 ceannfhocal atá san fhoclóir ar líne ach rinneadh ciorruithe don leagan clóite. 1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus tá 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann. Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe in 1959.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cuardach déanta ar fhocal Gaeilge ag dhá mhilliún duine le bliain anuas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.
  2. "Bainisteoir nua ceaptha ar thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.
  3. "Mary Immaculate College, Ireland" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-04-27.