Jump to content

Teangacha Tuircice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Teangacha Turcacha)
Infotaula de llenguaTeangacha Tuircice
Cineálfine teangacha
Úsáid
Cainteoirí dúchais300,000,000
Aicmiú teangeolaíoch
Tréithe
Staidéar agTuirceolaíocht
Cóid
ISO 639-5trk
ISO 639-6tkic
Glottologturk1311
ASCL43
Linguist Listturk
IETFtrk

Grúpa tábhachtach teangacha is ea na teangacha Turcacha nó na teangacha Tuircice a labhraítear sa Mhion-Áise agus i Lár na hÁise. Tá teangacha Tuircice ó dhúchas ag 180 milliún duine.

Bhí an tuairim ag a lán teangeolaithe sna laethanta a bhí go raibh a leithéid d'fhine teangacha ann agus na teangacha Altaecha, agus d'áirigh siad na teangacha Tuircice agus éagsúlacht teangacha eile san Áise san fhine seo: na teangacha Mongólacha, an Chóiréis, an tSeapáinis, na teangacha Tungúsacha, ach go háirithe. Ní raibh siad ar aon fhocal faoi na teangacha go léir a d'aicmeofaí sa ghrúpa: d'fhágfadh duine acu an Chóiréis ar lár, d'fhágfadh an duine eile an tSeapáinis ar lár, agus mar sin de.

Inniu, ní bhíonn na teangeolaithe cinnte a thuilleadh, an féidir gaol a aithint idir na teangacha Tuircice agus na teangacha Mongólacha féin, cé go raibh an dá ghrúpa seo curtha san áireamh sa chuid is mó de na teoiricí Altaecha. Maidir leis na teangacha Tuircice féin, tá siad chomh gaolmhar le chéile is gur féidir leis an neamh-theangeolaí féin na cosúlachtaí a aithint.

Is iad na príomhthréithre is dual do na teangacha seo go léir ná comhcheol na ngutaí agus an táthú. Is éard atá i gceist le comhcheol na ngutaí ná go mbíonn gutaí den chineál chéanna (gutaí cúil nó gutaí tosaigh) le cloisteáil ar fud an fhocail go léir, agus caithfidh gutaí na n-iarmhíreanna a bheith ar aon chineál le gutaí an tamhain. Is é is brí leis an táthú, arís, go gcuirtear iarmhír i ndiaidh a chéile leis na focail sna teangacha seo, agus ciall nó tasc ar leith ag dul le gach iarmhír. Mar shampla, sa Tuircis féin, deirtear

  • çocuk-lar-ınız-ı: çocuk "páiste", -lar- (uimhir iolra), -ınız- "a gcuid", -ı (an tuiseal cuspóireach) "a gcuid páistí", "a gclann" (sa tuiseal cuspóireach, mar shampla "chonaic siad a gclann/a gcuid páistí"
  • gülüş-ler-iniz-i: gülüş "gáire" -ler- (uimhir iolra), -iniz- "a gcuid", -i (an tuiseal cuspóireach) "a ngáirí" (sa tuiseal cuspóireach arís, mar shampla "chuala muid a ngáirí" nó "lig siad a ngáirí").

Tabhair faoi deara, anois, gurb ionann -lar- agus -ler-, mar shampla, ó thaobh an tasc de atá acu sa ghramadach: seasann an dá iarmhír seo don uimhir iolra, ach braitheann sé ar an gcineál gutaí atá i dtamhan an fhocail féin, cé acu leagan den iarmhír seo a úsáidtear. San fhocal çocuk, níl ach gutaí cúil ann, agus mar sin, cuirtear an leagan -lar- leis, ós guta cúil é [a], ach san fhocal gülüş, níl ach gutaí tosaigh ann, agus mar sin, is é an leagan -ler- a chuirtear leis.

Cuir sonrú sa litir aisteach sin ı. Fuaimnítear í cosúil leis an gcomhcheangal litreach úd /ao/ sa Ghaeilge, is é sin, mar ghuta cúil a fhreagraíonn don ghuta tosaigh "i". Sa Tuircis, tá sé riachtanach an dá chineál "i" a aithint thar a chéile, agus mar sin, is comharthaí do ghutaí difriúla iad an t-i gan ponc (I ı) agus an t-i faoi phonc (İ i). Anois, agus na teangacha Tuircice iar-Shóivéadacha ag éirí as an aibítir Choireallach, is minic a bhaineann siad úsáid as an nós céanna le difríocht an dá ghuta seo a chur in iúl.

Is iad na teangacha Tuircice is tábhachtaí ná:

  • an foghrúpa Oguz, nó Tuircic an Iar-Dheiscirt: an Tuircis, an Asarbaiseáinis, an Ghagásais (teangacha Oguz an Iarthair); an Tuircméinis agus Tuircic Khorasan san Iaráin (teangacha Oguz an Oirthir); an teanga Afshar agus a lán teangacha nó canúintí eile a labhraítear san Iaráin, cosúil leis an teanga Qashqa'i agus an teanga Aynullu.
  • Tuircic an Oir-Thuaiscirt, nó Tuircic na Sibéire: is iad an teanga Sacha, nó an Iacúitis, an Altaeis agus an Túvais na teangacha is tábhachtaí sa ghrúpa seo.
  • an foghrúpa Oghur. Is í an tSuvaisis an t-aon teanga amháin den chineál seo a labhraítear inniu. An chuid is mó de na teangacha Tuircice eile, bíonn siad réasúnta intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is teanga ar leith í an tSuvaisis, nó ní bhíonn cainteoirí na dteangacha Tuircice eile ábalta mórán adhmaid a bhaint as caint Suvaisise.
  • an teanga Khalaj, a labhraítear san Iaráin agus san Afganastáin. Níl sí ó dhúchas ach ag corradh is dhá scór míle duine. Murab ionann agus an tSuvaisis, tá an teanga Khalaj sách intuigthe ag cainteoirí na dteangacha Tuircice eile sa timpeallacht.

Foclóir na dteangacha Tuircice: tábla comparáideach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sean-Tuircic Tuircis Asarbaiseáinis Tuircméinis Tatairis Casaicis Cirgis Úisbéiceastáinis An teanga Uyghur Iacúitis Suvaisis
Daoine Athair, sinsear Ata Ata Ata Ata Ata Ata Ata Ota Ata;    
Máthair Ana Anne Ana Ene Ana Ana Ene Ona Ana   An'n
Mac O'gul Oğul Oğul Oğul (O'g)ul Ul Uul O'gil Oghul Uol Yvul
Fear Er(kek) Erkek/Adam Kişi Erkek Ir Er/Erkek Erkek Erkak Er Er Ar
Cailín, girseach Kyz Kız Qız Gyz Kız Qız Kız Qiz Qiz Ky:s Xe'r
Duine Kiši Kişi Adam Kişi Keše Kisi Kishi Kishi Kishi Kihi  
Brídeog Kelin Gelin Gəlin Geli:n Kilen Kelin Kelin Kelin Kelin Kylyn Kilen
Máthair chéile   Kaynana Qaynana Gayın ene Kayınana Qayın ene Kaynene Qayın ona Qeyinana    
Codanna na colainne Croí Jürek Yürek Ürək Ýürek Yorak Jürek Jürök Yurak Yürek Süreq  
Fuil Qan Kan Qan Ga:n Kan Qan Kan Qon Qan Qa:n Jon
Ceann, cloigeann Baš Baş Baş Baş Baš Bas Bash Bosh Baş Bas Puš
Folt gruaige Qıl Tüy/Kıl Tük/Qıl Qyl Kıl Qıl Kıl Tuk Qil Kıl Xe'le'r
Súil Köz Göz Göz Göz Küz Köz Köz Ko'z Köz Kos Kör
Fabhra Kirpik Kirpik Kiprik Kirpik Kerfek Kirpik Kirpik Kiprik Kirpik Kirbi: Xurbuk
Cluais Qulqaq Kulak Qulaq Gulak Kolak Qulaq Kulak Quloq Qulaq Gulka:k Xo'lga
Srón, gaosán Burun Burun Burun Burun Boryn Murın Murun Burun Burun Murun  
Lámh (ón ngualainn síos, arm an Bhéarla) Qol Kol Qol Gol Kul Qol Kol Qo'l   Qol Xol
Lámh (ó chaol na láimhe síos, hand an Bhéarla) El(ig) El Əl El   Alaqan Alakan   Qol Ili: Ala'
Méar Barmak Parmak Barmaq Barmak Barmak Barmaq Barmak Barmoq Barmaq    
Ionga Tyrnaq Tırnak Dırnaq Dyrnaq Tyrnak Tırnaq Tırnak Tirnoq Tirnaq Tynyraq  
Glúin Tiz Diz Diz Dy:z Tez Tize Tize Tizza Tiz Tüsäχ  
Colpa, pluc na coise Baltyr Baldır Baldır Baldyr Baltyr Baldır Baldır Boldyr Baldir Ballyr  
Cos Adaq Ayak Ayaq Aýaq Ajak Ayaq Ayak Oyoq Ayaq Ataq  
Bolg Qaryn Karın Qarın Garyn Qaryn Qarın Karın Qorin Qerin Qaryn Xyra'm
Ainmhithe Capall At At At At At At At Ot At At Ut
Eallach, beostoc Siyir Sığır/Mal Mal-qara Sygyr Sıyer Sïır Sıyır

(i gcanúint an deiscirt)

Sigir Siyir    
Madra Yt İt İt It Et Ït It It It Yt Jyda
Iasc Balyq Balık Balıq Balyk Balyq Balıq Balık Baliq Beliq Balyk Pola'
Dreancaid Bit Bit Bit Bit Bet Bït Bit Bit Pit Byt Pyjda
Ainmfhocail eile Teach Ev Ev Ev Öý Öy Üy Üy Uy Öy   Av
Puball Otag Otağ/Çadır Çadır Otaq/Chadyr   Otaw Çatır Otoq/Chodir Otaq Otu:  
Bealach, bóthar Yol Yol Yol Yo:l Yul Jol Jol Yo'l Yol Suol Sol
Droichead Köprüq Köprü Körpü Köpri Küpar Köpir Köpürö Ko'prik Kövrük Kürpe  
Saighead Oq Ok Ox Ok Uk Oq Ok O'q Oq Ugu
Tine Ot Od Od Ot Ut Ot Ot O't Ot Uot Vot
Luaith Kül Kül Kül Kül Köl Kül Kül Kul Kül Kül Kö'l
Uisce Suv Su Su Suw Syw Sw Suu Suv Su Ui Syv
Long Kemi Gemi Gəmi Gämi Kimä Keme Keme Kema keme   Kim
Loch Köl Göl Göl Köl Kül Köl Köl Ko'l Köl Küöl  
Grian/Lá Küneš Güneş/Gün Günəş/Gün Gün Kojaš Kün Kün Quyosh/Kun Kün Kün Xövel
Scamall Bulut Bulut Bulud Bulut Bolyt Bult Bulut Bulut Bulut Bylyt Pelet
Réalta Yulduz Yıldız Ulduz Ýyldyz Yoldyz Juldız Jıldız Yulduz Yultuz Sulus Soldor
Talamh Topraq Toprak Torpaq Toprak Tufrak Topıraq Topurak Tuproq Tupraq Toburaχ To'pra
Mullach (an chnoic) Töpü Tepe Təpə Depe Tübä Töbe Töbö Tepa Töpe Töbö Tübe'
Crann Yağac Ağaç Ağac Agaç Agaç Ağaş Darak Daraht Dereh    
Dia Tenri Tanrı Tanrı Taňry   Täñiri Teñir Tangri Tengri Tanara Tura
Spéir Kök Gök Göy Gök Kük Kök Kök Ko'k Kök Küöq Kovak
Aidiachtaí Fada Uzun Uzun Uzun Uzyn Ozyn Uzın Uzun Uzun Uzun Uhun Vorom
Nua Yany Yeni Yeni Yany Yana Jaña Jañı Yangi Yengi Sana Sene
Ramhar Semiz Semiz Kök/Piyli Semiz Simyz Semiz Semiz Semiz Semiz Emis Samar
Lán Tolu Dolu Dolu Do:ly Tuly Tolı Tolo To'la Toluq Toloru Tolli
Bán Aq Ak Ak Ak Aq Ak Oq Aq    
Dubh Qara Kara Qara Gara Kara Qara Kara Qora Qara Xara Xora
Dearg Qyzyl Kızıl Qızıl Gyzyl Kyzyl Qızıl Kızıl Qizil Qizil Kyhyl Xerle
Uimhreacha Aon Bir Bir Bir Bir Ber Bir Bir Bir Bir Bi:r Perre
Eki İki İki Iki İke Eki Eki Ikki Ikki Ikki Ikke'
Ceathair Tört Dört Dörd Dö:rt Dürt Tört Tört To'rt Töt Tüört  
Seacht Yeti Yedi Yeddi Yedi Yide Jeti Jeti Yetti Yättä Sette  
Deich On On On O:n U On On O'n On Uon Vonu
Céad Yüz Yüz Yüz Yü:z Yüz Jüz Jüz Yuz Yüz Sü:s Ser
Sean-Tuircic Tuircis Asarbaiseáinis Tuircméinis Tatairis Casaicis Cirgis Úisbéiceastáinis Uyghur Iacúitis Suvaisis