Teampall Bheanáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teampall Bheanáin
Íomhá
Sonraí
CineálEaglais
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire
Map
 53°06′09″N 9°39′58″W / 53.102458°N 9.666053°W / 53.102458; -9.666053
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir43

Is aireagal in aice le Cill Rónáin in Inis Mór é Teampall Bheanáin.[1] Tá sé suite ar shuíomh mainistreach a bhunaigh Beanán, deisceabal de chuid Naomh Pádraig. Tógadh san 11ú haois é, agus tá sé ina sheasamh ansin, gan athrú, le míle bliain.

Glactar leis gurb é scrín tuama an naoimh, agus sin an fáth ar mhair an t-aireagal nuair a rinneadh athchúrsáil ar an gcloigtheach agus ar an mainistir mheánaoiseach a bhí ann chun an dúnfort cósta in aice láime a neartú le linn aimsir Chromail.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]