Tainan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tainan, lár na cathrach

Cathair sa Téaváin is ea Tainan agus é suite ar chósta thiar theas an oileáin úd ar Chaolas na Téaváine. Is iad an Phríomhchathair agus Cathair an Fhéinics leasainmneacha na cathrach.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir fiannaise ó thochailtí seandálaíochta in Zuozhen, in Tainan, tá daoine ina gcónaí sa cheantar le 20,000 go 31,000 bliain. Na Siraya, pobal bundúchasach, a chónaigh sa cheantar ina bhfuil Tainan ar theacht na ndaoine ó thíortha eile, nó le bheith cruinn, an pobal Sakam de fho-threibh Sinkan na Siraya. Thosaigh trádálaithe agus iascairí ón tSín ag cur fúthu ar chósta thiar na Téaváine sa 16ú haois. Sa bhliain 1624, chuir na Dúitsigh faoi cheannas Cornelius Reyersz lonnaíocht ar bun ar leithinis ghaineamhleach ar an gcósta, áit ar chuid den chathair anois agus as ar fhás an chathair. Fort Zeelandia a tugadh ar an dúnfort Ollannach nuair a cuireadh leis. Tayuan, agus ní ba dhéanaí, Anping, a tugadh ar an suíomh i Sínis. Faoi choimirce Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir a bhí Reyersz ag obair.

Chuir Koxinga ruaig ar na Dúitsigh sa bhliain 1661. Bhí Tainan ina phríomhchathair ar ríocht Koxinga agus ar an Téaváin uilig amannta ar feadh 200 bliain, an fáth ar baisteadh "an Phríomhchathair" ar an gcathair. Cailleadh an stádas sin agus fuarthas ar ais é roinnt uaireanta, an fáth a dtugtar "Cathair an Fhéinics" ar Tainan. Taiwan-fu a tugadh ar an gcathair nuair a bhí sé ina phríomhchathair. "Tainan" an t-ainm a thug an rialtas Qing air sa bhliain 1885 nuair a d'aistrigh siad suíomh an rialtais ó thuaidh go Taichung. Fuair na Seapánaigh seilbh ar Taiwan uilig sa bhliain 1895. Sa bhliain 1905 bhí 50,000 duine ina gcónaí ann, agus Tainan an chathair ba mhó ar an oileán. D'fheabhsaigh na Seapánaigh fostruchtúr na cathrach go mór sna 1920idí. Tugadh an Téaváin go Poblacht na Síne sa bhliain 1945.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]