Publius Cornelius Tacitus
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 54 Gallia Narbonensis, An tSean-Róimh |
Bás | c. 120 65/66 bliana d'aois Impireacht na Róimhe |
Treabhann na bpleibeach | |
Consal Rómhánach | |
Praetóir | |
Gobharnóir Rómhánach | |
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí, beathaisnéisí, annálaí, saineolaí dlí, fealsamh, saighdiúir, file, polaiteoir, scríbhneoir |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
Seánra | Stair |
Mac/iníon léinn de chuid | Cuintilian |
Teangacha | An Laidin |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Julia Agricola (77, 78–) |
Seanadóir agus staraí de chuid na Sean-Róimhe ab ea Publius (nó Gaius) Cornelius Tacitus (AD 56 - AD 117). Scrúdaíonn na codanna a mhaireann de chuid a dhá mhór-oibreacha- Annála agus Startha réimis na nImpirí Rómhánacha Tiberius, Claudius, Nero agus iad siúd a bhí i gcumhacht le linn Bhliain na gCeithre Impirí. Réisíonn an dá shaothar stair Impireacht na Róimhe ó bhás Augustus sa bhliain 14 AD go dtí go bhfuair an tImpire Domitian bás sa bhliain 96 AD (is dócha). Tá bearnaí ollmhór sna téacsanna a mhaireann, lena n-áirítear ceann ceithre leabhar fada sna hAnnála.
Pléann oibreacha eile Thacitus óráidíocht (i bhformáid agallamh, féach Dialogus de oratoribus), Germania (sa lámhscríbhinn De origine et situ Germanorum), agus nótaí beathaisnéise mar gheall ar a athair céile Agricola, go príomha, le linn a fheachtas sa Bhreatain. (Laidin: Britannia) (féach De Vita et moribus Iulii Agricolae).
B'údar é Tacitus a scríobh ag deireadh Ré airgid litríocht na Laidine (na Laidine Clasaicí).