Jump to content

Túpáí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoTúpáí
Scandentia Cuir in eagar ar Wikidata

Tupaia belangeri Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
ForíochtBilateria
FíleamChordata
AicmeMammalia
ForordEuarchontoglires
OrdScandentia Cuir in eagar ar Wikidata
Wagner, 1855

Mamach beag atá dúchasach d'fhoraoisí trópaiceacha de chuid Dheisceart agus Oirdheisceart na hÁise is ea an túpáí.[1] Cuimsíonn na túpáíonna an t-ord tacsanomaíochta Scandentia ina iomláine. Tá dhá fhine san ord: na Tupaiidae (19 speiceas, na “gnáth-thúpáíonna”), agus na Ptilocercidae (speiceas amháin, Ptilocercus lowii).

Is uiliteoirí iad; itheann siad torthaí, i measc rudaí eile.

Tá cóimheas maise idir an inchinn agus an corp níos airde sa túpáí ná in aon mhamach eile, daoine san áireamh,[2] cé nach bhfuil sé as an ngnáth cóimheas ard a fheiceáil i measc ainmhithe atá níos éadroime ná 1kg.

Tá gaol gar ag na túpáíonna le príomhaigh, agus úsáideadh iad in áit príomhach i staidéir eolaíochta ar an mióipe, ar strus síceasóisialta, agus ar an heipitíteas.[3]

Tagann an t-ainm “túpáí”, agus ainm an ghéinis Tupaia, ó tupai, an focal Malaeise ar iora.[4] Ba é Stamford Raffles a cheap ainm an ghéinis.[5]

  1. “túpáí” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-13.
  2. an article on Tupaia belangeri”. Washington University. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-01.
  3. Cao, J. (2003). "The tree shrews: Adjuncts and alternatives to primates as models for biomedical research". Journal of Medical Primatology 32 (3): 123–130. doi:10.1034/j.1600-0684.2003.00022.x. PMID 12823622. Dáta rochtana: 1 January 2012. 
  4. Nowak, R.M. (1999). "Walker's Mammals of the World". Baltimore, MD: Johns Hopkins University Press. ISBN 978-0-8018-5789-8. 
  5. Craig, John (1849). "A new universal etymological technological, and pronouncing dictionary of the English Language".