Tír Ollíol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tuath i dtuaisceart chúige Chonnacht ba ea Tír Oirill (Sean-Ghaeilge Tír Ollíol [sic]). Ba bhall í de chónaidhm Íochtar Chonnacht go dtí an bhliain 1603.[1]

Ainmníodh í as Ailill mac Echach Mugmedóin, leasdeartháir Niall Naoighiallach. Uí Ailealla, ba ea a mhuintir ach d'imigh siad go luath as cuimhne.[2]

Clann Mhic Dhonnchadha d'Uí Bhriúin Aoi, géag Mhic Dhiarmada as Magh Loirg, ba ea tiarnaí Thír Oirill. Glacadh an sloinne as Donnchadh mac Tomaltaigh na Carraige ua Mhic Dhiarmata[3] a bhí ina rí Mhagh Loirg ón mbliain 1197-1207. Scaradh as a chéile níos deireanaí iad, buíon ansin lonnaithe i gCúil Mhuine agus i mBaile an Dúin, agus buíon eile i mBaile an Mhóta (An Corann).

Caomhnaítear an t-ainm sa bharúntacht, Tír Oirill, in oirdheisceart Chontae Shligigh.

Naomh Pádraig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saint Patrick departed across the mountain of the sons of Ailellus, and he founded churches there, Taemnach, and Ethenach,[4] and Cell Angle, and Cell Senchuoe.

AD 545.2 St. Ailbhe, of Seanchu Ua nOiliolla, died.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Irish Central. "What's your Irish County? County Sligo". IrishCentral.com. Dáta rochtana: 2014-04-25.
  2. "The Tuatha of Ireland". Allismotion.webs.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-04-26. Dáta rochtana: 2014-04-25.
  3. "Irish Ancestors/Surnames". Irishtimes.com. Dáta rochtana: 2014-04-25.
  4. Betham, William. "Irish Antiquarian Researches - William Betham - Google Books". Dáta rochtana: 2014-04-25.
  5. "Annála na gCeithre Máistrí". ucc.ie. Dáta rochtana: 2014-04-25.