Baile an Mhóta (Sligeach)
Jump to navigation
Jump to search
Baile an Mhóta | |
---|---|
Léarscáil | |
Daonra ( ) - Baile: - Tuath: |
1,229 1,717 |
Airde: | 76 m |
Contae: | Contae Shligigh |
Cúige: | Connachta |
Is baile margaidh é Baile an Mhóta (Ballymote as Béarla), atá suite i ndeisceart Chontae Shligigh. Tá an baile fós ag fás. Is baile stairiúil é, le Caisleán Baile an Mhóta, a thóg Risteard Óg de Burgh sa bhliain 1300. Deirtear go raibh Leabhair Bhaile an Mhóta scríofa istigh ann.
Tá Baile an Mhóta lonnaithe ar na bóithre réigiúnacha R293, R295 agus R296, agus ar an iarnród ó Bhaile Átha Cliath go Sligeach.
D'oscail méara Nua-Eabhrac Michael Bloomberg Séadchomhartha Náisiúnta na hÉireann i gcuimhneachán na "Fighting 69th" i mBaile an Mhóta ar an 22 Lúnasa 2006.
Daoine cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]
- An Bráthair Walfrid, bunaitheoir Celtic Football Club
- Michael Corcoran, Brigadier General don 69ú Reisimint Infantry (The Fighting 69th) le linn Cogadh Cathartha SAM
- Seán Ó Poire (John Perry), Teachta Dála
- Eamon Ó Scanláin (Eamon Scanlon), Teachta Dála