Michael Bloomberg
Is fearr gnó, polaiteoir agus daonchara Meiriceánach é Michael Rubens "Mike" Bloomberg (a rugadh ar 14 Feabhra 1942). Bunaitheoir Bloomberg L.P. atá ann. Ó 2002 go 2013, bhí sé ina mhéara ar Chathair Nua-Eabhrac é (an 108ú méara, agus an 20ú méara ó comhdhlúthaíodh buirgí na cathrach sa bhliain 1898).





Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh i dteaghlach Giúdach i Medford, Massachusetts, bruachbhaile de chuid Bhostúin, é. Gasóg Iolair a bhí ann. D'fhreastail sé ar Ollscoil Johns Hopkins, mar ar chuir sé isteach ar Phi Kappa Psi agus bhain sé amach céim Baitsiléir Eolaíochta in Innealtóireacht Leictreonaice sa bhliain 1964. Níos déanaí bhain sé amach Máistir Riaracháin Ghnó ó Scoil Ghnó Harvard.
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina "pháirtí ginearálta" i Salomon Brothers, banc infheistíochta, mar a raibh sé i mbun trádáil agus níos déanaí forbairt córais.
Ansin sna 1980idí, chuir sé a mhaoin ina chomhlacht féin, Bloomberg L.P., ag díol teirminéal eolais airgeadais le Wall Street. "Teirminéil Bloomberg" a thugtar orthu seo. Thosaigh an comhlacht stáisiún raidió i Nua-Eabhrac.
De réir an irisleabhair Forbes in 2013, ba é Bloomberg an 7ú duine is saibhre sna Stáit Aontaithe agus an 13ú duine is saibhre ar domhan é. Measadh $31bn a bhí aige ag an am.[1]
Scríobh sé a dhírbheathaisnéis dar theideal Bloomberg by Bloomberg sa bhliain 1997 (ISBN 0-471-15545-4).
Shaol polaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Bloomberg ina bhall den Páirtí Daonlathach ach sheas sé mar iarrthóir den Pháirtí Poblachtach sa toghchán ar son méara.
Bhuaigh Bloomberg i gcoinne Herman Badillo sa réamhthoghchán Poblachtach. Toghadh ar an gcéad uair ar 6 Samhain 2001 é nuair a fuair sé an bua ar Mark J. Green agus atoghadh é ar 8 Samhain 2005.
Sheas sé don tríú téarma mar mhéara sa bhliain 2009, rud conspóideach mar bhí méaraí Nua-Eabhrac teoranta do dhá théarma. D'athraigh Comhairle na Cathrach an dlí ar 8 Deireadh Fómhair 2008 agus bhí Bloomberg ábalta dul ar aghaidh lena fheachtas atofa. Sheas sé mar iarrthóir an Páirtí Phoblachtaigh agus an Pháirtí Independence.[2] Atoghadh é agus 51% de na vótaí aige.
Tháinig a tríú téarma chun deiridh ar an 1 Eanáir 2014 nuair a ghlac Bill de Blasio mionn na hoifige mar mhéara Chathair Nua-Eabhrac.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Michael Bloomberg" (en). Forbes. Dáta rochtana: 2026-04-22.
- ↑ "Bloomberg's Independence (Pay)Day" Elizabeth Benjamin in Daily News (Nua-Eabhrac), January 25, 2010 Curtha i gcartlann 2010-01-30 ar an Wayback Machine arna rochtain ar 17 Aibreán 2010